Beidh campa na nAll Blacks ag tabhairt neart airde ar chluiche na hÉireann in aghaidh Cheanada

Tabharfaidh cluiche an lae amáraigh i gcoinne Cheanada deis do roinnt imreoirí dul i bhfeidhm ar Joe Schmidt roimh theacht na Nua-Shéalainne chuig Baile Átha Cliath

Beidh campa na nAll Blacks ag tabhairt neart airde ar chluiche na hÉireann in aghaidh Cheanada

Bainisteoir na hÉireann, Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland

Roimh thús an chluiche stairiúil sin i gcoinne na nAll Blacks i Chicago seachtain ó shin, bhí 10,000 ticéad fós le díol ag an IRFU do chluiche an tSathairn seo san Aviva i gcoinne Cheanada. Faoin am ar stop an réiteoir an cluiche úd i Meiriceá ní raibh fáil ar spás seasaimh fiú, chuile dhuine ag iarraidh a bheith páirteach san aistear iontach seo. 

Cuirfidh foireann rugbaí Cheanada chun páirce i gcoinne na nGael san aon chluiche amháin a bheas á imirt acu i gcomórtais idirnáisiúnta an fhómhair seo. Is cinnte gur buntáiste do na Gaeil gur éirigh leo cluiche a imirt an tseachtain seo caite, agus is cinnte freisin gur buntáiste ollmhór dóibh an bua stairiúil úd. Buntáiste eile dóibh a bheith ag imirt sa mbaile ach le bheith réalaíoch, bheinn ag súil go mbeadh foireann na hÉireann in ann ag Ceanada, cuma cén áit a mbeidís á n-imirt. 

Níor éirigh le Ceanada an ceann is fearr a fháil ar na Gaeil aon bhabhta amháin as na seacht mbabhta a d’imir an dhá fhoireann seo a chéile. Bhí na foirne cothrom uair amháin ach thug na Gaeil lascadh 55-0 do Cheanada ar Pháirc Thuamhan Samhain 2008. Dá bhrí sin is ar Cheanada atá an brú is mó agus iad ag réiteach don chluiche seo, díreach mar a bhí brú ar fhoireann na hÉireann roimh thús an chluiche úd i Chicago. 


Donnacha Ryan celebrates winning 5/11/2016

GAILEARAÍ: Oíche gheal i Chicago agus bua stairiúil ag na hÉireannaigh ar na All Blacks


Tá Ceanada san ochtú háit déag ar thábla rugbaí an domhain faoin láthair, tá foireann na hÉireann sa gcúigiú háit, ardú áit amháin de bharr churaidh an domhain a chloí.

Ní hiontas dá bhrí sin go bhfuil Joe Schmidt ag tabhairt deis ar an ardán idirnáisiúnta do chúpla imreoir óg. Ní raibh sé ach tagtha den eitleán ó Chicago nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag tabhairt seisear imreoirí nua isteach sa gcampa traenála don chluiche seo. 

Cé gur deacair teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans do na cuairteoirí sa gcluiche seo, is cinnte nach féidir le haon imreoir a bheith réchúiseach faoi agus fios acu go gcuirfidh imirt den chaighdeán a chonaic muid i Soldier Field san áireamh iad don athimirt i gcoinne na nAll Blacks in Áth Cliath faoi cheann seachtaine.

Níl aon dabht ach gurb é sin an sprioc a bheas ag chuile imreoir a chuirfidh Schmidt chun páirce. 

Seans maith freisin go mbeidh campa na nAll Blacks ag tabhairt neart airde ar chluiche an tSathairn seo, iad ar thóir aon phatrún nua imeartha nó ag féachaint le laigí a aimsiú. Tá Schmidt róghlic agus ní tharlóidh sé sin.

Seans láidir go bhfillfidh sé ar sheanstíl imeartha na hÉireann le foireann an Nua-Shéalainne a chur amú.

Fág freagra ar 'Beidh campa na nAll Blacks ag tabhairt neart airde ar chluiche na hÉireann in aghaidh Cheanada'