Beidh bua eile sa mbaile ag Cúige Laighean agus áit sa gcluiche ceannais

Beidh Cúige Uladh lán le muinín roimh a gcluiche in aghaidh na Stormers, ach an leor sin?

Beidh bua eile sa mbaile ag Cúige Laighean agus áit sa gcluiche ceannais

Is cúis áthais dúinne go mbeidh dhá fhoireann ón tír seo ag imirt i mbabhtaí leathcheannais an URC an deireadh seachtaine seo. Ach ó tharla gur ón Afraic Theas an dá fhoireann eile a bheas ag imirt inniu agus amárach ní móide gur maith an rud é sin dá bhfuil i ndán do thodhchaí an chomórtais. Léiriú atá ann ar dhrochstaid na gclubanna gairmiúla rugbaí sa Bhreatain Bheag, in Albain agus san Iodáil. Caithfidh foirne bainistíochta rugbaí na dtíortha sin teacht ar phlean éigeandála lena chinntiú go stopfar an lot atá ag crá an chluiche faoi láthair. Sin ábhar díospóireachta do lá eicínt eile.

Maidir leis an gcomórtas féin, imreoidh Cúige Laighean Bulls na hAfraice Theas anocht san RDS sa gcéad chluiche leathcheannais. Bhí buntáiste an bhaile ag an dá fhoireann seo sna cluichí ceathrú ceannais seachtain ó shin ach níl mise cinnte cén tairbhe a fuair na curaidh, Cúige Laighean, as an mbua éasca dhá úd déag (76-14) a bhí acu ar Ghlaschú. Thug na Sharks tástáil cheart do na Bulls in Pretoria sular éirigh le foireann an bhaile bua trí phointe agus áit i gcluiche an lae inniu a chinntiú dóibh féin.

Is iad Cúige Laighean rogha na ngeallghlacadóirí agus an phobail araon don choimhlint seo, fiú mura mbeidh leithéidí Sexton ag imirt ó thús an chluiche. Mar sin féin, is cúis imní do Leo Cullen fisiciúlacht phaca na mBulls. Tá a fhios ag an domhan mór ón gcluiche sin in Marseille coicís ó shin gurb é méid agus toirt a gcuid tosaithe an laige is mó ag Cúige Laighean. Beidh na Bulls ar a míle dícheall ag iarraidh teacht i dtír air sin. Dála an scéil, chas na foirne seo ar a chéile san RDS i mí Mheán Fómhair seo caite, ócáid ina raibh bua éasca (31-3) ag Cúige Laighean ach ní féidir comparáid ar bith a dhéanamh idir an fhoireann a chuaigh chun páirce do na Bulls agus an ceann atá ag tosú anocht. Fós féin, is dóigh liom go mbeidh bua eile sa mbaile ag Cúige Laighean rud a chinnteoidh áit sa gcluiche ceannais dóibh faoi cheann seachtaine.

Maidir le cluiche an lae amárach idir Ulaidh agus na Stormers, is cinnte gur chun leas fhoireann na hAfraice Theas é imirt sa mbaile. D’imir na foirne seo a chéile in Cape Town i mí Márta seo caite, cluiche a bhuaigh na Stormers le trí phointe (23-20) ach bhí roinnt imreoirí in easnamh ar Chúige Uladh de bharr dualgais na Sé Náisiún ag an am sin. Ní hionann an cás an babhta seo.  Beidh fáil amárach ag Cúige Uladh ar leithéidí Henderson agus Cooney, imreoirí a bhí fíorlárnach sa ngreadadh 36 – 17 a thug siad do Chúige Mumhan seachtain ó shin. Beidh Ulaidh lán le muinín agus sprid roimh thús chluiche an lae amárach, ach níl mé cinnte an leor sin d’fhoireann atá ag dul chun páirce i gcoinne foireann ar a bhfuil imreoirí a bhuaigh an corn domhanda deiridh.

Fág freagra ar 'Beidh bua eile sa mbaile ag Cúige Laighean agus áit sa gcluiche ceannais'