B’fhearr dom é a admháil, bhí dul amú orm maidir le toradh chluiche an tSathairn seo caite i gcoinne na Seapáine agus ní sólás ar bith é nach liom féin a bhí mé.
Bhí chuile dhuine chomh cinnte go mbeadh an lámh in uachtar againn gan stró nach raibh luach airgid ar bith le fáil ar gheall ar bhua d’fhoireann na hÉireann. Go deimhin cheap na geallghlacadóirí go mbeadh bua le níos mó ná pointe is fiche againn.
Anois sé lá i ndiaidh cheann de na cluichí ba mheasa dá raibh ag foireann idirnáisiúnta na tíre seo ariamh, tá siad ag cur chun páirce arís lena chinntiú go mbainfidh siad a gcéad sprioc amach, sin a bheith ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais.
Seachtain ó shin bhí muid beagnach cinnte de gur cluiche ceathrú ceannais i gcoinne na hAfraice Theas an toradh a bheadh ar an ngreadadh a thug muid d’Albain sa gcéad chluiche. Ach anois is cluiche i gcoinne na nAll Blacks atá i ndán dúinn, is cosúil. Sin má éiríonn linn cúig phointe a shlánú i gcluiche an lae inniu i gcoinne na Rúise agus déanamh amhlaidh i gcoinne Shamó faoi cheann seachtaine.
Má theipeann orainn seans go mbeidh ár rás rite.
Ní haon ábhar iontais an méid athruithe atá déanta ag Schmidt don chluiche seo. Ní hamháin go raibh géarghá ann scíth a thabhairt do go leor de na himreoirí a d’imir sa gcéad dhá chluiche ach níl ach dhá chluiche fágtha sna réamhbhabhtaí chun taithí a thabhairt don chuid eile den phainéal.
Tá drogall orm a rá nach mbeidh stró ar bith ar fhoireann na hÉireann bua le pointe bónais a chinntiú inniu, ach sí an fhírinne í.
Seachtain roimh thús an chomórtais d’imir na Connachtaigh foireann na Rúise i Moscó. Bhí na Rúisigh chomh lag sin nach raibh deacracht ar bith ag foireann na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil orthu.
Is fiú a lua gur fhreastail lánchúlaí na Rúise, Vasily Artemyev, ar Choláiste na Carraige Duibhe agus gur bhuaigh sé dhá chraobh Coláistí leo. Seachas sin níl mórán eile gur fiú a rá faoi fhoireann na Rúise. Theip orthu sa dá chluiche a d’imir siad i gcoinne na Seapáine agus Shamó ó thús an chomórtais, go deimhin tá seans maith nach mbeidh ar a gcumas cluiche ar bith a bhuachan.
Níl gné ar bith den chluiche ná den imirt nach mbeidh an lámh in uachtar againn ar na Rúisigh inti. Seans maith go mbeidh ceithre úd sa mála ag na hÉireannaigh luath go maith agus gur ionann agus seisiún maith traenála a bheas sa gcluiche.
Mar sin féin níl mé cinnte ar leor sin chun maithiúnas lucht tacaíochta na hÉireann a fháil. Is fada fada an lá ó lig foireann rugbaí na tíre seo síos chomh dona muid. Ní tharlóidh sé sin arís inniu, creid uaim é.
Fág freagra ar 'Beidh bua bog ag Éirinn ar an Rúis ar maidin'