Beidh Biden sa Teach Bán ach ní dhéanfaidh sé aon difear

Tá muinín caillte ag daoine i Meiriceá agus coimhlint is easpa seasmhachta atá romhainn

Beidh Biden sa Teach Bán ach ní dhéanfaidh sé aon difear

Sa deireadh bhí an bhearna i bhfad níos lú ná mar a cheap lucht tacaíochta Joe Biden a bheadh. Ach bhí an lá le fear na nDaonlathach, cé gur ar éigean é agus cé go bhfuil cásanna cúirte, athchomhairimh is dúshláin eile le sárú i gcónaí – próiseas a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt seachtainí.

Ach theip ar iarracht na nDaonlathach greim a fháil ar an Seanad, is ciallaíonn sé sin nach mbeidh mórán cumhachta ag Biden aon athrú mór polasaí a thabhairt isteach maidir le beartais shóisialta, fiú dá mba mhian leis.

Tá osna faoisimh mar sin féin le clos ó nualiobrálaigh ar fud an domhain, agus an seachmall go mór sa treis gur féidir filleadh ar an sean-ord domhanda ina raibh an guth ba láidre ag na Stáit Aontaithe agus ceannas acu ar chuile rud.

Bíodh Biden nó Trump sa Teach Bán, ní fhillfear air sin arís, tá mé ag ceapadh. Ní teip Trump ann féin a chuir stop le Meiriceá, ach fás a gcéilí comhraic, go háirithe an tSín.

D’fhág sin, agus na comhraic eile leis an Iaráin, leis an Rúis is eile, go raibh Meiriceá ag iarraidh ar a gcuid cliantstáit íobairtí eacnamaíochta a dhéanamh ar mhaithe le Meiriceá amháin.

Léirigh Trump go soiléir gur chun leas Mheiriceá atá polasaí Mheiriceá, agus ní bheidh Biden puinn difriúil ó Trump sa mhéad sin, fiú má cheileann sé an fhírinne le caint bhéasach faoi luachanna is prionsabail.

Go deimhin cé gur labhair Trump go láidir bagrach, níor chuir sé tús le cogadh ar bith. Déan comparáid le ré Obama, Biden is Clinton, nuair, mar shampla, a scriosadh an Libia ar fad sa gcaoi gur margadh sclábhaithe amuigh faoin aer atá sa tír sin anois, tír a mbíodh an córas sláinte is an córas oideachais ab fhearr san Afraic ann tráth.

Agus mar a deirtear go minic, rinneadh buamáil ar i bhfad níos mó daoine le craiceann donn le linn réimeas Obama is Biden ná mar a rinneadh le linn ré Trump. Chomh maith leis sin dhíbir Obama agus Biden níos mó daoine, agus níos mó leanaí as Meiriceá ná mar atá díbeartha ag Trump.

Más tábhachtach do Biden beatha daoine gorma, ní léir go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le beatha daoine a bhfuil craiceann donn nó buí orthu.

É sin ráite is duine gránna é Trump. Féach an ciníochas, an dímheas ar mhná, an cur i gcoinne na heolaíochta, an chaint bhagrach, agus an iarracht tromaíocht a imirt ar thíortha eile go ngéillfidís do thoil Meiriceá.

Is cinnte freisin go bhfuil seans maith ann go leanfar leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcaidreamh le Cúba agus leis an Iaráin. Ach cuimhnigh gur labhair Biden chomh borb céanna le Trump i gcoinne na Veiniséala, agus gur labhair sé níos boirbe i gcoinne na Rúise.

Ní fheictear go mbeidh aon athrú i Meiriceá féin. Ní bheidh Biden ag troid go deireadh scríbe chun cáin a chur ar dhaoine saibhre, nó córas cuimsitheach sláinte a thabhairt isteach. Agus fiú dá mba mhian leis cuirfidh an Seanad ina choinne.

Ansin ar ndóigh atá an míniú ar cén fáth nár éirigh níos fearr le Biden. Níl aon chlár ná polasaithe dearfacha aige. Bhí vótóirí ar son Trump nó i gcoinne Trump: is beag muinín atá ag daoine as Biden féin.

Is ní bhíonn aon mhuinín ag an aos óg go háirithe as, dream a ndeirtear fúthu go gcreideann 50% díobh go mba mhaith an rud an sóisialachas! Bhí lucht stiúrtha an Pháirtí Dhaonlathaigh agus Biden chomh naimhdeach don fhealsúnacht sin is a bhí Trump.

Ach ní féidir deireadh a chur le míshástacht an phobail leis an gcóras gan athchóiriú bunúsach a dhéanamh ar an gcóras féin agus gan dul i ngleic le meon an rachmais.

Go minic labhraítear faoi chóras an rachmais amhail is gur córas monailiteach atá ann, ach bíonn leas dreamanna éagsúla i gceist: bíonn lucht an airgeadais ag iarraidh saoirse le hinfheistíocht a dhéanamh aon áit; bíonn lucht déantúsaíochta ag iarraidh cosaint dá ngnó sa mbaile; bíonn oibrithe ag lorg jabanna sa mbaile, agus bíonn lucht gairme ag iarraidh go bhfreastalófaí ar a n-earnáil féin.

Sa gcaoi sin níor ghníomhaigh Trump ar son an lucht airgeadais, ach ar son an lucht déantúsaíochta is an lucht seirbhísí baile (lucht óstáin ach go háirithe).

Sin i ndáiríre a bhí taobh thiar den scoilt idir é agus lucht rachmais an domhain mhóir.
Beidh siadsan ag iarraidh filleadh ar ndóigh ar an tseanré.

Ach tá muinín caillte ag daoine i Meiriceá – agus caillte sa mbaile freisin ceapaim.
Coimhlint is easpa seasmhachta atá romhainn, ceapaim, faoi réimeas Biden – má mhaireann sé an fhaid sin. Nó b’fhéidir gur chóir dúinn níos mó airde a thabhairt ar Kamala Harris, mar n’fheadar an mbeidh sise ina hUachtarán sula fada?

Fág freagra ar 'Beidh Biden sa Teach Bán ach ní dhéanfaidh sé aon difear'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agus má labhair Biden ‘níos boirbe i gcoinne na Rúise’ ná Trump, an locht é sin air?

  • Conchubhar Ó Briain

    Biden agus Obama a chum an fínscéal gur bagairt do shlándál SAM í an Veiniséala agus chuireadar smachtbhannaí mharfacha i bhfeidhm dá bharr. Chuir Trump leis na smachtbhannaí. Tá roinnt mhaith leanúnachais ag baint le beartas eachtrach an GOP agus na Dems.

  • Breandán Ó Riain

    Bhí sé soiléir domsa ón Ceann líne cé hé a scríobh an alt!