Beidh an t-ádh glan ar na Laighnigh fiú pointí bónais a fháil

Fágfaidh na cluichí idirnáisiúnta a lorg ar bhabhta 9 den chomórtas Pro 12 ar bhealaí éasgsúla

Beidh an t-ádh glan ar na Laighnigh fiú pointí bónais a fháil

Imreoir Laighean, Adam Byrne. INPHO/Donall Farmer

Beidh comórtas an Pro 12  ar bun arís an deireadh seachtaine seo tar éis scíth ghearr coicíse le deis a thabhairt na cluichí idirnáisiúnta a imirt i gcomórtas an fhómhair.

Cé go bhfuil cluiche amháin le n-imirt fós i gcomórtas an fhómhair ar an Satharn seo, tá trí chúige ón tír seo ag dul chun páirce ar an Aoine bheag seo. Beidh na hUltaigh, foireann atá sa gcúigiú háit ar thábla an Pro 12 sa mbaile i gcoinne Zebre na hIodáile, foireann atá i bhfad taobh thiar díobh, san 11ú háit agus gan ach cluiche amháin buaite acu as ocht gcinn. Beidh cúpla imreoir in easnamh ar na hUltaigh de bharr go bhfuil na Gaeil ag tabhairt faoi na Wallabies i Staid Aviva.

Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh mórán stró orthu i gcoinne cheann de na foirne is laige sa gcomórtas agus foireann a bheas d’uireasa roinnt mhaith dá cuid imreoirí freisin mar go bhfuil na hIodálaigh ag imirt i gcoinne Tonga an Satharn seo chomh maith.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Laighnigh, dream atá ar bharr an tábla agus iad ag imirt i gcoinne na Scarlets, foireann atá sa séú háit. Tá an Bhreatain Bheag ag imirt i gcoinne na hAfraice Theas an Satharn seo, rud a fhágann go mbeidh na Scarlets sách gann ar imreoirí, ach ní tada é sin le hais na ndeacrachtaí atá ag fir Átha Cliath atá buailte go dona, idir imreoirí gortaithe (Sexton agus Henshaw) agus an líon mór ón gcúige atá fós leis an bpainéal idirnáisiúnta.

Beidh an t-ádh glan ar na Laighnigh má éiríonn leo dea-thoradh de chineál ar bith fháil, pointí bónais fiú. Má éiríonn leo sin a dhéanamh, is cinnte go mbeidh greim láidir acu ar bharr an tábla faoin am a bheas siad ag imirt na gcluichí idirchúige aimsir na Nollag agus na hathbhliana.

Ar an mBóthar Beag i nGaillimh a bheas na Connachtaigh, foireann atá gar do bhun an tábla sa deichiú háit agus iad ag imirt i gcoinne Caerdydd na Breataine Bige, foireann atá trí áit níos airde ná iad sa seachtú háit. Ba cheart go mbeadh seans maith ag na Connachtaigh sa gcluiche seo, de bharr nach bhfuil an oiread imreoirí ag an Connachtaigh ar an bpainéal idirnáisiúnta, go háirithe má imríonn siad mar a rinne siad i gcoinne na nUltach i mBabhta 7, an uair dheiridh ar imir siad sa mbaile.

Ar an Satharn ar Pháirc Thuamhan a bheas na Muimhnigh, foireann atá sa dara háit ar an tábla agus iad ag imirt i gcoinne Treviso atá ar íochtar an tábla ar fad, iad 12ú háit. Ní dóigh go mbeidh na hIodálaigh in ann stop a chur le haiséirí na Mumhan sa gcomórtas seo. Má tharlaíonn sin, beidh neart ábhar cainte againn fiú má theipeann ar an bhfoireann idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile.

Níl aon seans ann go dtarlóidh, áfach.

Fág freagra ar 'Beidh an t-ádh glan ar na Laighnigh fiú pointí bónais a fháil'