Beidh an lá leis na Laighnigh san RDS tráthnóna

Tá cluichí cinniúnacha le himirt ag na cúigí i mBabhta 5 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo

Beidh an lá leis na Laighnigh san RDS tráthnóna

Stuart Lancaster agus Leo Cullen. INPHO/Dan Sheridan

Bíonn tionchar ag an toradh i ngach uile chluiche i gcomórtas rugbaí ar chríoch an chomórtais. Fós féin, tá tábhacht ar leith ag baint leis na ceithre chluiche atá le himirt ag na cúigí i mBabhta 5 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo.

Is iad na Laighnigh atá ar bharr an tábla i nGrúpa 4, an chéad fhoireann as Éirinn a bheidh ag cur chun páirce agus de bhuntáiste acu a bheith ag imirt san RDS i gcoinne Montpellier tráthnóna inniu. Bhí an lá leis na Francaigh (22 -26) nuair a chas na foirne seo ar a chéile cheana i mBabhta 2 agus iad ag imirt i ndeisceart na Fraince. Mar sin féin, bhí na Laighnigh breá sásta gur éirigh leo pointe bónais na cailliúna a aimsiú an lá sin, rud atá ag seasamh go maith dóibh anois agus iad cúig phointe chun cinn ar Montpellier roimh an gcluiche.

Ní hamháin sin, ach tháinig feabhas ollmhór ar imirt agus ar chur chuige na Laighneach ó thús an tséasúir.  Tá go leor imreoirí óga nua acu a bhfuil an mianach atá iontu léirithe agus iad ag cur brú ar na seanóirí. Tá neart daoine ag rá go bhfuil ról lárnach ag Stuart Lancaster sa teacht aniar seo. Bhí Lancaster ina bhainisteoir ar fhoireann Shasana tráth agus tá sé anois ag tacú le Leo Cullen. Pé cúis atá leis, tá mise agus go leor eile den tuairim go mbeidh an lá leis na Laighnigh cé nach mbeidh tada bog ná éasca faoin gcluiche seo.

Ós ag caint ar chluichí boga mé, seans gur cheap Pat Lam go mbeadh ceann éasca ag na Connachtaigh i gcoinne Zebre agus iad á n-imirt ar an mBóthar Beag. Sin go dtí gur tharla an oiread gortuithe dá chuid imreoirí chéad rogha. Is fiú a lua go bhfuil Jack Carty, an t-aon leathchúl amuigh a bhí fágtha ag fir an iarthair ar an liosta fada sin ó chluiche an tSathairn seo caite sa bPro 12. Ciallaíonn sin go bhfuil breis agus 25 imreoir ar iarraidh ar Phat Lam agus é ag réiteach do chluiche an tSathairn seo i gcoinne na nIodálach. Thug na Connachtaigh greadadh (52 – 7) do Zebre agus iadsan ag imirt sa mbaile i mBabhta 2 den chomórtas seo. Creid uaim é, ní thabharfaidh lucht leanta Chonnacht cluas d’aon leithscéal má chailleann siad an cluiche seo, fiú agus gan fáil acu ar Carty agus a chairde.

Seans gur roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó atá roimh aon chúige i mBabhta 5. Tá orthu taisteal go Glaschú. Is cinnte go mbeidh Glaschú ar thóir díoltais mar gheall ar an mbualadh 38 -17 a fuair siad ó na Muimhnigh ar Pháirc Thuamhan i mBabhta 2. Beidh na Muimhnigh ag iarraidh tógáil ar an mbua iontach agus stairiúil (32 – 7) a bhí acu i bPáras agus iad i gcoinne Racing 92 an Satharn seo caite, bua a chinntigh stádas barr tábla dóibh a d’fhág trí phointe chun cinn iad ar Ghlaschú  i nGrúpa. Seans maith go gcáileoidh pé dream a bhuann an cluiche do na babhtaí ceathrú ceannais. Sin brú agus tú ag imirt as baile.

Is ar an Domhnach, i ndeisceart Shasana a bheas na hUltaigh ag imirt i gcoinne Exeter. Is beag seans atá ag ceachtar den dá fhoireann seo cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais fiú má bhíonn an bua acu sa dá chluiche atá fós le himirt  sna réamhbhabhtaí. Ní ag brath ar na cluichí seo ach mórtas foirne agus ar ndóigh beifear ag iarraidh gortuithe d’imreoirí a sheachaint agus iad ag díriú anois ar a gcomórtais baile, an Premiership agus an Pro 12.

Fág freagra ar 'Beidh an lá leis na Laighnigh san RDS tráthnóna'