‘Beidh an Ghaeilge i gcroílár ár straitéise nua’ – Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá straitéis agus clár forbartha nua á sheoladh inniu ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

‘Beidh an Ghaeilge i gcroílár ár straitéise nua’ – Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá ráite ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go mbeidh an Ghaeilge i gcroílár straitéis nua Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a sheolfar inniu.

Ag labhairt dó faoin straitéis nua Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, luaigh uachtarán na hollscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, go sonrach an tábhacht a bheidh leis an athrú aeráide agus leis an nGaeilge in obair na hollscoile sna blianta amach romhainn.

“Mar gheall ar ár suíomh tíreolaíoch ag an áit a mbuaileann an Eoraip leis an Atlantach Thuaidh, tá an t-eolas aeráide is féidir linn a bhailiú uathúil. Baileoidh an Ollscoil taighde aeráide dá réir sin ar mhaithe leis an gcine daonna.

“Beidh an Ghaeilge freisin i gcroílár straitéis agus struchtúir na hOllscoile, agus tuiscint againn ar a luach dár gcomhluadar,” a dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh.

Dúradh go raibh an straitéis nua á tabhairt isteach ag an ollscoil, atá 175 bliain ar an bhfód i mbliana, chun go mbeadh sí lárnach sna hathruithe “ó bhonn” atá ag teacht ar Ghaillimh agus ar iarthar na hÉireann.

Tá an straitéis nua bunaithe ar cheithre “luach i gcoiteann”, a deirtear, “ómós, barrfeabhais, oscailteacht agus inbhuanaitheacht”.

Dúirt Uachtarán na hollscoile gur buntáiste di a suíomh ar chósta thiar na hEorpa.

“Is ollscoil gan aon gheata í seo.  Tá léargas agus deis faoi leith againn i bhfianaise an ollscoil a bheith lonnaithe ar imeall na hEorpa…Is í Gaillimh an chathair is idirnáisiúnta in Éirinn. Ciallaíonn ár n-uathúlacht gur féidir linn oibriú ar bhealaí nach féidir le daoine eile.  Ar an imeall, breathnaímid ar an domhan ar bhealach eile.”

Leagtar amach sa straitéis freisin clár forbartha dar teideal Ag Tógáil don Todhchaí ina bhfuil cur síos ar fhorbairtí éagsúla atá beartaithe ag an ollscoil sna blianta amach romhainn.

I measc na bpleananna sin tá “campas cois abhann” nua i gceantar Oileán Altanach agus Oileán an Iarla i gcathair na Gaillimhe, ionad cultúir, lóistín breise do mhic léinn agus campas spóirt nua-aimseartha.

Tá sé i gceist chomh maith cur leis an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Conamara, bealaí siúlóide agus rothaíochta níos fearr a chur ar fáil idir an campas agus an chathair agus leabharlann nua a thógáil ina mbeidh ionad foghlama nua-aimseartha.

Fág freagra ar '‘Beidh an Ghaeilge i gcroílár ár straitéise nua’ – Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'