Beidh a sháith le déanamh ag Príomh- Chonstábla nua an PSNI

Tá ceist an Bhreatimeachta agus na teorann i measc na ndúshlán atá roimh Simon Byrne

Beidh a sháith le déanamh ag Príomh- Chonstábla nua an PSNI

Deich lá ó shin ceapadh Simon Byrne ina Phríomh-Chonstábla ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, an PSNI. Tháinig sé i gcomharbacht ar George Hamilton. Meastar go ngabhfaidh sé i mbun a dhualgais ina phost dúshlánach nua an mhí seo, in am do shéasúr na máirseála agus ag tráth cinniúnach i dtaca le gnóthaí Breatimeachta agus leis na

cruacheisteanna faoi oidhreacht na dTrioblóidí atá fós gan réiteach.

Bhain an ceapachán geit as daoine.

Ba é Simon Byrne an t-aon duine den cheathrar iarrthóirí nach raibh taithí ná cur amach aige ar phóilíneacht abhus.

D’fhreastail sé ar lá eolais a chuir Bord na bPóilíní ar fáil roimh a agallamh don phost. Ní raibh gá ag na hiarrthóirí eile le cúrsa eolais; bhí taithí ar cheisteanna logánta ag an triúr. Ba iad sin LeasPhríomh-Chonstábla an PSNI, Stephen Martin, Príomh-Chonstábla Cúnta an PSNI, Mark Hamilton agus Jon Boutcher, Príomh-Chonstábla Bedfordshire a ghlac ceannas in 2016 ar an bhfiosrú speisialta abhus faoi Stakeknife, gníomhaire an IRA sna seirbhísí faisnéise.

Bhí Simon Byrne dífhostaithe le bliain ó tháinig deireadh lena chonradh mar Phríomh-Chonstábla Cheshire, tráth a raibh sé ar fionraí. Bhain an fhionraíocht le breis is 70 líomhain mí-iompair ina oifig, ach frítheadh neamhchiontach san iomlán é.

Chuaigh Simon Byrne isteach i bpóilíní Londan, an Met, mar chonstábla i 1982, d’aistrigh sé go Learpholl i 1985 agus bhí postanna sinsearacha aige sa tseirbhís sin go luath sa chéad seo sular aistrigh sé go Manchain in 2009 mar LeasPhríomh-Chonstábla. Chaith sé trí bliana leis an Met i Londain mar Choimisinéir Cúnta go dtí 2014 nuair a ceapadh é mar Phríomh-Chonstábla Cheshire.

Cuireadh ar fionraí é in 2017 agus frítheadh neamhchiontach é anuraidh sna líomhaintí a bhain le droch-chaidreamh le hoibrithe.

Cé gur dhúradh san fiosrú nach raibh fianaise ar bith mar thaca leis na líomhaintí ina aghaidh, níl aon dabht ach go gcaithfidh se a bheith an-chúramach nuair a ghabhfaidh sé i mbun oibre sa cheanncheathrú ar an gCnoc. Eisean an chuach isteach sa nead. Beidh sé riachtanach dea-chaidreamh a chothú agus coinneofar súil ghéar air.

Díol suntais ab ea an próiseas earcaíochta inar éirigh le Simon Byrne an post san PSNI a ghnóthú. Nuair a d’fhógair George Hamilton go raibh sé ag éirí as oifig in aois a 51 bliain, bhain ráiteas conspóideach ó Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, croitheadh as an bpróiseas. Bíonn baill na bpáirtithe polaitiúla atá ar Bhord na bPóilíní ar an mbord agallaimh do phost an Phríomh-Chonstábla. Nuair a dúirt McDonald nár shíl sí go mbeadh éinne ar fhoireann shinsir an PSNI in ann ag an bpost, maíodh gur tharraing sí amhras ar an bpróiseas agallaimh.

Rinne an Bord socruithe speisialta chun na deacrachtaí sin a shárú. Bhí seisiúin traenála ag na hionadaithe a bheadh ar an mbord agallaimh agus fostaíodh comhlacht seachtrach chun feitheoireacht a dhéanamh ar an ngnó uilig. Ina dhiaidh sin ar fad roghnaigh an Bord Póilíneachta Simon Byrne d’aon ghuth agus dhearbhaigh an Státrúnaí, Karen Bradley an ceapachán.

Mar atá ráite sa cholún seo cheana is dúshlán agus ualach ollmhór ar an PSNI é oidhreacht na dTrioblóidí. D’uireasa córas oifigiúil a bheith aontaithe idir na rialtais agus na páirtithe áitiúla, titeann an crann ar an PSNI déileáil le fiosruithe stairiúla agus taifid a sholáthar do chúirteanna. Cuirtear ina leith go minic go gcuireann siad bac – nó moill in aon turas – ar sholáthar eolais, rud a chothaíonn amhras gur mó acu cáil an RUC a chosaint ná an tóir ar an gcóir. Is minic a mhaígh George Hamilton gur tháinig an t-ualach mór oibre a bhain le fiosruithe stairiúla salach ar obair reatha an PSNI agus go mbíonn an tseirbhís ag titim idir dhá stól dá bharr. Cuirfear suim mhór i gcur chuige Simon Byrne maidir leis na ceisteanna sin, go háirithe má leanann Karen Bradley ag cur rudaí ar an méar fhada.

Léirigh George Hamilton agus a fhoireann imní mhór le bliain nó níos mó faoi na ciallachais a bheadh ag an mBreatimeacht do phóilíneacht ar an teorainn. Chuir iompar an n-easaontóirí poblachtacha i nDoire leis an imní sin – marú Lyra McKee, círéibeacha agus an t-ionsaí buamála ag teach na cúirte a raibh an t-ádh ar dhéagóirí nár rugadh orthu sa phléasc.

Níl éinne ar an oileán seo chomh soineanta is go gceapann sé/sí nach ndéanfadh an IRA Nua iarracht infreastruchtúir de chineál ar bith cois teorann a ionsaí. Ní léir go dtuigeann na daoine atá ar thóir post Theresa May na fadhbanna sin ar chor ar bith; ní ribín réidh a bheidh ann ag an bPríomh-Chonstábla an t-aineolas sin a shárú.

Beidh air a dhul i ngleic freisin leis na deacrachtaí séasúracha. Tá an t-adhmad á bhailiú – le haghaidh na dtinte cnámh dílseacha atá ina gcnámh spairne le blianta beaga anuas. Tinneas cinn do phóilíní é i gcónaí conas a chinntiú nach ligfear do lucht na dtinte cnámh tithe agus beatha a chur i mbaol nuair a thógann siad struchtúir ollmhóra in aice le tithe le haghaidh a gceiliúrtha an oíche roimh mháirseálacha na nOráisteach ar an 12 Iúil.

Le tamall de bhlianta tá an PSNI i mbun feachtais ag iarraidh a thuilleadh Caitliceach a mhealladh isteach sa tseirbhís. Tháinig titim mhór ar líon na n-iarratas ó Chaitlicigh agus laghdú ar mhuinín an phobail sin sa tseirbhís nua. Is léir go bhfuil baint ag an gcontúirt ó easaontóirí poblachtacha leis an laghdú ar earcaíocht – thug na heasaontóirí a n-aghaidh ar phóilíní ó chúlra Caitliceach agus i gcásanna áirithe ar a muintir. Níl dóthain earcaithe acu ó mhionlaigh eitneacha ach an oiread. Deirtear go bhfuil scil ag Simon Byrne i bpóilíneacht phobail agus i gcothú muiníne i measc na mionlach. Beidh a sháith le déanamh aige chun déileáil leis na ceisteanna sin abhus.

Táthar ar bís lena leagan amach i leith na ndúshlán sin a chlos.

Fág freagra ar 'Beidh a sháith le déanamh ag Príomh- Chonstábla nua an PSNI'