Beidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht

Ní bheidh tús curtha le gach plean teanga don Ghaeltacht go dtí deireadh 2020.

Beidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht

Beidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an méid sin le fios sa Dáil an tseachtain seo agus ceist á freagairt aige staid an chórais pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i ngach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga a bhfuil plean le hullmhú dóibh, ach níl ach pleananna faofa go fóill ag an Aire Stáit ach do thrí cheantar – Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir i nDún na nGall, Cois Fharraige Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Tá ceist i gcónaí faoi phlean teanga Chois Fharraige agus Fóram Um Pleanáil Teanga an cheantair sin fós le cinneadh a dhéanamh an glacfar le tairisicint ar mhaoiniú breise ó Roinn na Gaeltachta nó an gcuirfear leis mbagairt go molfaí an eagraíocht a scor.

Thug an tAire Stáit McHugh le fios go bhfuil pleananna “á mbreithniú” faoi láthair i gcás cúig cheantar eile: Múscraí; Na Déise; An Cheathrú Rua; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí Theas. 

Tá an tAire ag súil go gcuirfear pleananna do thrí cheantar eile faoi bhráid a Roinne “go luath”. Is iad na ceantair sin ná Ceantar na nOileán i gConamara, Conamara Láir agus Ciarraí Thiar.

Maidir leis an gcúig limistéar déag eile a bhfuil pleananna teanga le hullmhú dóibh, dúirt an tAire Stáit go “mbeifear ag súil leis go mbeidh pleananna ina leith á gcur faoi bhráid na Roinne chun críche ceada idir seo agus deireadh 2020 – uair a mbeifear ag súil leis go mbeidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach aon cheann de na limistéir”. 

Mar chuid den chóras pleanála teanga, tá sé i gceist chomh maith 16 baile a aithint d’fhéadfadh a bheith mar Bhailte Seirbhís Gaeltachta. Cean amháin de na bailte sin, cathair na Gaillimhe, a bheidh ag cur tús go luath lena bplean teanga. Tá comhairle phroifisiúnta á lorg ag Gaillimh faoi láthair i dtaobh ullmhúchán a bplean don chathair agus iad ag súil le tús á chur le hullmhú an phlean sin “gan mhoill”.

Dúirt an tAire McHugh go raibh €2.65 milliún curtha ar fáil don phleanáil teanga do 2018 agus gur “ardú suntasach” a bhí ansin.

Dúirt sé go raibh sé sásta go bhfuil “solathar cuí curtha ar fáil ón státchiste chun cúram cuí a dhéanamh den phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha”.

Roimh an Nollaig, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina bhfuil an córas pleanála teanga faoi láthair.

Tá amhras mór faoin a bhfuil i ndán do phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta ó dhiúltaigh Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun plean teanga a chur i bhfeidhm, agus an baol ann anois go ndéanfaí an eagraíocht pleanála teanga, atá i gceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, a scor mar gheall ar an aighneas faoi chúrsaí maoinithe.

De réir fhógra na Roinne thabharfaí maoiniú breise do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Tá cinneadh le déanamh go luath ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga faoi thairiscint na Roinne.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Fág freagra ar 'Beidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht'

  • Ruairí

    Éigeandáil shóisialta, eacnamaíoch agus teanga atá sna Gaeltachtaí is láidre. Ní leor an “Pleanáil Teanga” mar a thugtar air chun an meath pobal is teanga a stopadh. Teastaíonn tascfhórsa idir-rannach rialtais freisin.