Beatha 59,000 duine sábháilte in 11 tír san Eoraip de bharr srianta – tuarascáil

Breis is 740,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe ar fud an domhain agus os cionn 35,000 curtha den saol de bharr na paindéime

Beatha 59,000 duine sábháilte in 11 tír san Eoraip de bharr srianta – tuarascáil

De réir staidéir nua tá beatha 59,000 duine sábháilte in 11 tír san Eoraip de bharr na mbeartas éagsúil a thug rialtais éagsúla isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

De réir na tuarascála nua ó ghrúpa saineolaithe Imperial College sábhálfar beatha go leor daoine eile mar gheall ar na srianta amhail dianghlasáil, an scoitheadh sóisialta agus dúnadh scoileanna.

Measann na saineolaithe gur sa Spáinn atá an sciar is mó den daonra (15%) buailte ag an ngalar. Sa Ghearmáin (0.7%) agus san Iorua (0.47%) is lú atá an galar tolgtha ag daoine, dar leo. Níl Éire san áireamh sa staidéar. 2.7% an ráta ionfhabhtaithe a mheastar atá sa Ríocht Aontaithe.

Deirtear go bhfuil sé róluath a rá fós cé chomh héifeachtach is atá na srianta agus na beartais a tugadh isteach i gcás fhormhór na dtíortha toisc go mbíonn aga 2-3 seachtaine ann idir an t-ionfhabhtú agus an bás.

“Dá bharr sin, chun go mbeadh muinín ann go bhfuil moill á cur le scaipeadh SARS-CoV-2, tá sé riachtanach go bhfágfaí ann na beartais agus go ndéanfaí scagadh leanúnach sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn ar líon na gcásanna agus líon na mbásanna,” a deir údair na tuarascála.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Spáinne Arancha González inniu go raibh an chosúlacht ar an scéal go bhfuil scaipeadh an ghalair ag maolú de bheagán faoi dheireadh agus cuar an víris á chothromú.

812 duine eile a bhí buailte ag an víreas atá básaithe sa Spáinn le lá anuas. 7,340 duine atá básaithe de bharr na ráige sa Spáinn, an dara tír is measa atá buailte ag an ngéarchéim Covid-19 i ndiaidh na hIodáile, mar a bhfuil  Maidrid, an Chatalóin agus Tír na mBascach ar na ceantair is measa atá buailte ach tá údar dóchais áirithe ann sa mhéid agus gur inniu a tuairiscíodh an líon is lú cásanna nua sa Spáinn le seachtain.

Tá 11,591 duine le Covid-19 básaithe san Iodáil agus 812 duine eile caillte sa tír sin le lá anuas. Méadú a bhí ansin ar líon na na mbásanna a tuairiscíodh inné ach bhí líon na gcásanna nua a deimhníodh – 4,050 -níos lú ná mar a bhí aon lá eile ón 17 Márta i leith.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna den ghalar agus nach mór 145,000 cás deimhnithe. Tá breis is 2,500 duine básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar a raibh athrú poirt ag an Uachtarán Donald Trump le cúpla lá anuas.

Dúirt Trump, a mhaígh i dtosach go raibh an galar faoi smacht i SAM, go mbeadh “an-jab go deo” déanta ag na húdaráis dá n-éireodh leo líon na marbh a choimeád faoi bhun 100,000.

D’fhógair Trump chomh maith síneadh ama go dtí an 30 Aibreán leis na treoracha feidearálacha faoin scoitheadh sóisialta agus beartais eile. Roimhe seo, mhaígh sé go mbeadh an tír, nó cuid mhór di, faoi lán seoil arís Domhnach Cásca, an 12 Aibreán.

Dúirt Trump gurb amhlaidh gur éist sé leis na saineolaithe agus gur orthusan a bhíonn agus bheidh sé ag brath.

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, breis is 740,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe ar fud an domhain agus os cionn 35,000 duine curtha den saol de bharr na paindéime. Tá deimhniú faighte go bhfuil nach mór 157,000 duine a bhí buailte ag an ngalar tagtha chucu féin ar fad.

Fág freagra ar 'Beatha 59,000 duine sábháilte in 11 tír san Eoraip de bharr srianta – tuarascáil'