Beartais nua molta faoi fhorbairt bhóthar Chonamara Theas

Tá Comhairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara chun maoiniú a lorg do ‘staidéar straitéiseach’ faoin ngá atá le bóthar nua as Gaillimh go deisceart Chonamara

Beartais nua molta faoi fhorbairt bhóthar Chonamara Theas

Tá socraithe ag Comhairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara go rachfaí sa tóir ar thacaíocht ón Roinn Iompair ar mhaithe le ‘staidéar straitéiseach’ a dhéanamh ar an ngá atá le bóthar nua as Gaillimh go deisceart Chonamara.

Thaobhaigh na Comhairleoirí d’aon ghuth leis an moladh a rinne an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, ag an gcruinniú is déanaí a bhí acu. Ba é an Comhairleoir Alastair McKinstry, an Comhaontas Glas, an cuiditheoir a bhí aige.

Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl a bhí tugtha síos ar chlár oifigiúil an chruinnithe ach rinneadh tagairt freisin do bhóthar as Gaillimh go Scríb cúpla babhta le linn an chruinnithe.

Níl a fhios cén dearcadh a bheidh ag an Roinn air seo ach bhí sé le tuiscint ó Jim Cullen, Stiúrthóir Sheirbhísí Bóthair na Comhairle Contae, go dtuigeann an Roinn go bhfuil an bóthar nua seo riachtanach.

Bhí an tUasal Cullen den bharúil i dtús an chruinnithe gurbh fhearr gan bacadh le ceist ar bith faoi bhóthar nua ó dheas nó go mbeadh socrú déantaag an mBord Pleanála faoin gcuarbhóthar nua timpeall chathair na Gaillimhe. Mhínigh sé go gcaithfí ceangal a dhéanamh idir bóthar dheisceart Chonamara agus ceann thiar an chuarbhóthair – sin dá gceadófaí cuarbhóthar na cathrach.

Dúirt Jim Cullen gur dhóigh ná a mhalairt go mbeadh fáil ar chinneadh an Bhoird Pleanála faoin gcuarbhóthar nua, nó bóthar cineál cuarach timpeall ar an gcathair, sa samhradh seo chugainn.

Tá an Éisteacht Phoiblí a bhaineann leis thart agus tá an Bord Pleanála i mbun a chuid meastachán ar an iarratas faoi láthair.

Ach ba é dearcadh an Chomhairleora Alistair McKinstry gur dóigh go mbeadh sé tamall blianta sula mbeadh toradh críochnúil ar an iarratas ar an gcuarbhóthar. Ba í a thuairim siúd go bhfuil an cinneadh deiridh ‘tamall blianta’ uainn. Ceapann sé go mbeidh cásanna cúirte ann má cheadaíonn an Bord Pleanála an bóthar nua sin timpeall ar an gcathair.

“Ní féidir an plean do bhóthar Chonamara a choinneáil siar an t-achar sin,” a deir an Comhairleoir McKinstry. “Tá baol fuarlaigh farraige ann.”

Dúirt McKinstry nár mhór don bhóthar siar ó dheas a bheith 15 méadar os cionn leibhéal na farraige. B’fhacthas dósan go raibh na cúrsaí a bhí leagtha amach don bhóthar nua an uair dheiridh sách ard.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí Bóthair, Jim Cullen go mbeadh sé níos fusa brú a chur ar an Roinn dá mbeadh próiseas chuarbhóthar na cathrach críochnaithe ag an mBord Pleanála, bíodh a gcinneadh fabhrach nó diúltach.

Ag tagairt don chúrsa le haghaidh an bhóthair, dúirt an Comhairleoir Thomas Welby, Neamhspleách, go ndearna Comhairleoirí Chonamara cinneadh cheana nuair a thug siad a dtacaíocht don chosán sléibhe – sin ó thuaidh do na bailte agus na gabháltais. “Bhí an áit sin plúchta ag brandaí SACanna,” a deir an Comhairleoir Welby “agus ní fhéadfá an ceann is fearr a fháil ar údaráis na hEorpa.”

Dúirt an Comhairleoir Welby go bhfuil roghnú cúrsa le haghaidh bóthair ar an rud is anróití sa saol. “Ach,” a deir sé “má tá uibheagán uait, caithfidh tú uibheacha a bhriseadh.”

Bhí an Comhairleoir Welby den bharúil gur ag an mBainistíocht agus na feidhmeannaigh a bheadh an chumhacht sa deireadh cúrsa a leagan amach don bhóthar ó dheas.

“Níl sé chomh simplí sin,” a deir Jim Cullen, Stiúrthóir na Seirbhísí Bóthair. “Níor mhór a bheith in ann tacaíocht na gComhairleoirí agus tacaíocht an phobail a thaispeáint don Roinn ach a rachfar sa tóir ar shuimeanna móra d’airgead forbartha.”

Dúirt Jim Cullen nach raibh 97% díobh siúd a thug a dtuairim ag cruinniú poiblí agus 100% de na Comhairleoirí Contae ag tacú leis na cúrsaí a bhí na saineolaithe a roghnú do bhóthar Chonamara Theas in 2012 (sna blianta sin a tosaíodh na staidéir). Ní bheadh an Roinn róthógtha le heaspa tacaíochta dá leithéid, beag beann ar an dearcadh a bheadh ag bainistíocht na Comhairle Contae, dar le Cullen.

Dúirt an Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire, Fine Gael, gur theastaigh bóthar nua i gConamara Theas ar chuimse cúiseanna agus go raibh obair agus fostaíocht ar cheann mór acu sin, a deir sé. “Tá an t-uafás ama á chaitheamh ag taisteal de bharr tranglam tráchta,” a deir an Comhairleoir Mac an Iomaire.

“I saol lucht gnó agus forbartha is ionann am amú agus airgead amú,” a deir sé. Dúirt sé go bhfuil sé an-deacair fostóirí a thabhairt siar go Gaeltacht Chonamara anois de bharr an bhail atá ar na bóithre agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin go práinneach. Ag deireadh an chruinnithe mhol an Comhairleoir Ó Cualáin go bhféachfaí le tús a chur le hiarracht eile agus glacadh leis an mbeartas a mhol sé – iarratas go dtacódh an Roinn le staidéar straitéiseach.  

Ach ina dhiaidh sin, chaithfí a dhul thrí chuile chéim den réiteach arís agus cúrsa don bhóthar a roghnú. Ansin a thiocfadh an crú ar an tairne an athuair.

Fág freagra ar 'Beartais nua molta faoi fhorbairt bhóthar Chonamara Theas'