Beart de réir briathair is gá a dhéanamh

Ní fiú tada ‘ fearg’ na nGael má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Stopaimis ag gearán nach n-aithníonn an Stát muid nuair nach n-aithníonn muidne muid féin - agus fágaimis Ballydavid, Spiddle agus Gortahurk san áit chéanna ar fhág muid Kingstown, Philipstown agus Maryborough.

Dingle-An_Daingean_graffiti

Tharraing an dá alt a d’fhoilsigh Tuairisc.ie ar thorthaí phobalbhreith Millward Brown inné go leor cainte ar na meáin shóisialta agus, go deimhin, ar na meáin thraidisiúnta. An t-alt a léirigh go raibh sé i gceist ag an Aire Iompair, Paschal Donohoe, ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar chinneadh a réamhtheachtaí go gcuirfí an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ba mhó a tharraing aird na ndaoine – agus bhíodar ar buile faoi.

Lasadh Twitter agus Facebook le fearg na nGael faoin gcinneadh seo agus caitheadh go leor ama ag cáineadh an Rialtais agus ag tabhairt amach.

Ach i ndeireadh na dála, ní fiú tada an fhearg seo má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Ach sin an cur chuige atá ag formhór na nGael: ag gearán go glórach agus ansin ag suí ar a dtóin gan mórán eile a dhéanamh. Mar a dúirt an fear fadó, beart de réir briathair is gá a dhéanamh.

Caithfear a thuiscint nach dtuigeann pobal Béarla na tíre seo an tábhacht a bhaineann le logainmneacha agus nach dtuigeann siad go bhfuil na leaganacha Gaeilge in úsáid ar chor ar bith.

Tá cúpla cúis leis sin – ach an príomhcheann ná nach bhfuil siad in úsáid ag na Gaeil féin. Cuirimis i gcás scéal na Gaeltachta i dtosach.

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, níl feidhm oifigiúil ag leaganacha Gallda de logainmneacha Gaeltachta níos mó. Ciallaíonn sé sin gur fhág muid Ballydavid, Spiddle agus Gortahurk sa mbliain 2003 san áit chéanna ar fhág muid Kingstown, Philipstown agus Maryborough sa mbliain 1929.

D’aineoinn na bhfadhbanna a bhí ann sna blianta tosaigh, tá na logainmneacha sin chomh díbrithe sin ónár gcuimhne gur beag duine dínn a d’aithneodh gur Dún Laoghaire, Daingean agus Portlaoise a bhí iontu.

Ach ní hamhlaidh an scéal sa nGaeltacht.

Táthar ann fós a scríobhann ‘Carraroe’ agus ‘Gweedore’; feicim ar litreacha é, feicim ar Facebook agus Twitter é agus níos measa fós, feicim ar fhógraíocht ar thaobh an bhóthair é.

Is cainteoirí laethúla Gaeilge a dhéanann é seo – ní hamháin Béarlóirí sa nGaeltacht.

Má tá muid dáiríre faoi chaomhnú na teanga sna ceantair Ghaeltachta, caithfear an nós agus an meon sin a athrú.

Troideadh ar son Acht na dTeangacha Oifigiúla agus blianta roimhe sin troideadh i gcoinne leaganacha Gallda. Ba mhór an peaca é dá ligfeadh an ghlúin seo againne na troideanna sin i ndearmad.

Is í an sprioc a chaitheas muid a chur romhainn ná go mbeidh an t-ainm Gaeilge in aird a gcuimhne ag gnáthphobal na tíre seo thar an leagan Gallda – sna ceantair Ghaeltachta i dtosach, áit nach ndearnadh dearmad riamh ar an nGaeilge agus sa gcuid eile den tír ina dhiaidh sin.

Is furasta é sin a bhaint amach – níl le déanamh ach an t-ainm Gallda a dhiúltú ar chuile bhealach. Ná bíodh sé ar do sheoladh féin; má tá, athraigh é. Ná bíodh sé in úsáid agat ar sheoladh do charad, má tá, athraigh é.

Ná bíodh sé ar sheoladh do ghnólachta, ar chomhfhreagas, ar chomharthaíocht ná ar fhograíocht; má tá, athraigh é.

Ná glac leis ar sheoltaí na ngnólachtaí timpeall ort; bí ag siopadóireacht in Ollmhargadh na Seoighe in Indreabhán agus ní i dTexaco i ‘Spiddle’ – agus bíodh a fhios ag Texaco cén fáth.

Is fiú go mór gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga freisin faoi sháruithe an Achta ach is ón bpobal aníos a thiocfaidh an t-athrú is mó.

D’éirigh go maith le Ros Muc agus le Casla slabhraí an Bhéarla a chaitheamh díobh; is coitianta an t-ainm Gaeilge ná a mhalairt nuair a bhítear ag caint orthu i nGaeilge agus i mBéarla araon. Is léiriú é seo nach dodhéanta an beart é ár logainmneacha a athghabháil.

Ar ndóigh, tá Rosmuck, Costella/Coshla agus Ballynahown imithe ó chaint na ndaoine, is a bhuíochas le Pádraig Mac Piarais, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4. Tá TG Lurgan tar éis an taoide a chasadh freisin d’Indreabhán/Inveran.

Ba cheart go mbeadh sé éasca na spriocanna seo a bhaint amach sa nGaeltacht. Tá an reachtaíocht ann cheana féin a thugann tús áite don teanga – níl le déanamh againne ach leas a bhaint aisti.

I gcás na Galltachta beidh an cath níos deacra ó tharla nach labhraítear an teanga ar bhonn pobail sna ceantracha sin. Ach fonn a níos fiach; is féidir na hainmneacha is Gaelaí a ath-Ghaelú gan stró; Leitir Fraic, Uachtar Ard, Áth an Rí agus araile.

D’éirigh linn Connaught a ruaigeadh agus Connacht a chur ina háit.

Ach is ó phobal na mbailte sin aníos a chaitheas na hathruithe a thíocht, ní ón rialtas anuas. Chonaic muid i gcás Dangleywhoosh nach n-oibreoidh an cur chuige sin i gcónaí.

Ach más Leitir Fraic a fheiceas muid ar shiopaí an bhaile, más chuig Leitir Fraic a chuirtear formhór an phosta, más Leitir Fraic a ghreanann coiste an bhaile ar an gcloch fáilte agus má tá grúpa láidir Gael sásta achainí a dhéanamh ar an gComhairle Contae chun an comhartha oifigiúil a athrú – ní i bhfad buan beo a bheas Letterfrack.

Stopaimis ag gearán nach n-aithníonn an Stát muid nuair nach n-aithníonn muidne muid féin.

Fág freagra ar 'Beart de réir briathair is gá a dhéanamh'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Iontach go dteo an ailt seo, agus buíochas mór tuillte do Mhaitiú Ó Coimín.

    Tá súil agam go mbeidh toradh go forleathan ar fud na tíre , as an fhírinne atá ráite aige.

    Ba choir dúinn lán tacaíocht a thabhairt dó!

  • Maitiú de Hál

    Cé nach bhfuil ach na logainmneacha i nGaeilge le feiceáil sa Ghaeltacht, is cosúil nach bhfuil an Stát i ndiaidh glacadh leo go fóill. Tá go leor ann sa Ghaeltacht a chreideann nach seachadfaí a bpost dá scríobhfadh siad a seoltaí i nGaeilge. Agus is fíor sin. Is iomaí litir a bhí agam a d’imigh amú nó a raibh moill uirthi dá bharr sin. I rith an tSamhraidh, bhí “incorrect address” agus an leagan “Béarla” scríofa ar litir a tháinig isteach sa choláiste samhraidh. Is amhlaidh RTÉ