Beart bronntanas don bhuachaill beag a ndeachaigh a litir chuig Saintí ar strae

Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh ar chomhlachtaí Gaeltachta agus Gaelacha cabhrú leo agus bronntanais a chur ar fáil don mbuachaill beag ó Bhaile Átha Cliath nár bhain a litir chuig Daidí na Nollag ceannscríbe amach go dtí inné

Litir Dhaidí na Nollag
An litir chuig Daidí na Nollag nár bhain a ceannscríbe amach go dtí inné agus greamán an Royal Mail le feiceáil air.

Tá sé deimhnithe ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le Tuairisc.ie go raibh siad i dteagmháil le Dáidí na Nollag agus go bhfuil litir phearsanta curtha chun bealaigh aige chuig an mbuachaill óg a ndeachaigh a litir Nollag amú.

Faraor, tá Santaí agus a chúntóirí beaga ar a laethanta saoire tar éis obair mhór na Nollag agus níl fágtha faoi láthair ag an Mol Thuaidh ach oifigeach cléireachais amháin.

Ach in agallamh eisiach le Tuairisc.ie óna theach saoire in Hawaii, áit a bhfuil sé ar chúrsa surfála lena bhean, thug Santaí le fios do Tuairisc.ie go bhfuil iarrtha aige ar Thuismitheoirí na Gaeltachta beart speisialta bronntanas a chur le chéile don mbuachaill óg.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta anois ag iarraidh ar chomhlachtaí Gaeltachta agus Gaelacha cabhrú leo agus bronntanais a chur ar fáil don bhuachaill beag ó Bhaile Átha Cliath nár bhain a litir chuig Daidí na Nollag ceannscríbe amach go dtí inné.

Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta gur scéal suimiúil a bhí i scéal na litreach a chuaigh amú, ach mheabhraigh sí do dhaoine go raibh buachaill beag ag croí an scéil sin.

Féadfaidh comhlacht ar bith a bhfuil spéis acu bronntanas a chur ar fáil don phacáiste speisialta atá a chur le chéile don bhuachaill óg teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta ag tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com.

Tháinig litir chuig Santa, a chuaigh amú sa chóras poist le linn na Nollag chomh fada le ceannáras na heagraíochta Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gConamara inné.

Thug Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh do Dhaidí na Nollag anuraidh le na litreacha ar fad a fuair sé i nGaeilge a fhreagairt.

I mBaile Átha Cliath, ar an 30 Samhain 2014, a seoladh an litir a chuaigh amú agus tar éis di seal a chaitheamh i seilbh an Royal Mail agus seal eile a thabhairt in Ionad Náisiúnta an Phostais Fhillte i Luimneach, bhain sí a ceannscríbe amach sa deireadh inné.

D’fhág sé sin nach raibh deis ag Daidí na Nollag an litir a fhreagairt in am d’Oíche na Nollag.

Tá cás na litreach á phlé ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ach ní chlúdaítear cásanna den chineál seo i scéim teanga An Post.

 

Fág freagra ar 'Beart bronntanas don bhuachaill beag a ndeachaigh a litir chuig Saintí ar strae'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Sin beart déanta dé réir briathar, maith sibh.