‘Bearna shuntasach’ idir ‘sprioc’ Acht na hAeráide agus bearta – EPA

Deir an EPA go mbeidh sé ‘dodhéanta’ spriocanna Acht na hAeráide a bhaint amach mura ndéantar beart ‘práinneach’

‘Bearna shuntasach’ idir ‘sprioc’ Acht na hAeráide agus bearta – EPA

Deir an EPA go mbeidh sé ‘dodhéanta’ spriocanna Acht na hAeráide a bhaint amach mura ndéantar beart ‘práinneach’

 Sa tuarascáil is déanaí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil [EPA], deirtear go mbeidh sé ‘dodhéanta’ spriocanna Acht na hAeráide a bhaint amach mura ndéantar beart ‘práinneach’ leis na pleananna chun astaíochtaí a laghdú a chur i bhfeidhm.

Deir an EPA go gcaithfear na polasaithe agus na pleananna aeráide ar fad atá ann, chomh maith le bearta nua, a chur i bhfeidhm más le hÉirinn an sprioc atá againn astaíochtaí a laghdú 51% roimh 2030 a chomhlíonadh.

Deir an EPA sa tuarascáil Réamh-mheastacháin ar Ghásanna Ceaptha Teasa na hÉireann – 2021-2040 go bhfuil an dúshlán sin níos follasaí in earnáil na feirmeoireachta ach go gcaithfeadh gach earnáil i bhfad níos mó a dhéanamh.

“Ní mór astaíochtaí meatáin a laghdú beagnach 30% chun laghdú 22% a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin faoi 2018, mar atá geallta sa bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021,” a deirtear sa tuarascáil.

Sa réamh-mheastachán is déanaí ón EPA faoi astaíochtaí gásanna ceaptha teasa as seo go dtí 2040, léiríonn na sonraí go rachaidh sé dian ar Éirinn a buiséad carbóin a chomhlíonadh. Luann an EPA go bhfuil “bearna shuntasach” idir gníomhartha agus an laghdú ar astaíochtaí atá mar sprioc.

Dúirt Laura Burke, ard-stiúrthóir an EPA go léiríonn na réamh-mheastacháin “an obair mhór” atá le déanamh ó thaobh polasaithe a fhorbairt agus a fheidhmiú chun na spriocanna in Acht na hAeráide 2021 agus spriocanna an Bhuiséid Carbóin a bhaint amach.

“Tá bearna shuntasach idir sprioc Acht na hAeráide agus na gníomhartha atá riachtanach chun an uaillmhian sin a bhaint amach.

“Léiríonn na sonraí go gcaithfear dlús a chur le feidhmiú na mbearta atá leagtha amach cheana féin i bpleananna agus i bpolasaithe chomh maith le bearta nua a shainaithint.

“Tá obair le déanamh ag gach earnáil, go háirithe earnáil na talmhaíochta.

“Ós ón talmhaíocht a thagann an chuid is mó d’astaíochtaí na tíre seo, caithfear soiléiriú níos fearr a dhéanamh maidir le conas agus cathain a chuirfear bearta i bhfeidhm chun astaíochtaí meatáin a laghdú laistigh den tréimhse ama as seo go 2030, agus an tréimhse sin ag laghdú i gcónaí.”

Meastar gur ardaigh astaíochtaí gásanna ceaptha teasa 6% le bliain ach de réir an bhuiséid carbóin cúig bliana as seo go 2025, ní mór astaíochtaí a laghdú 4.8% ar an meán gach aon bhliain. Faoin mbuiséad carbóin go dtí 2030, caithfear astaíochtaí a laghdú 8.3% ar an meán gach uile bhliain go dtí sin.

Deir an EPA gurb iad na trí earnáil óna dtagann an sciar is mó d’astaíochtaí – talmhaíocht, iompar agus tionscail an fhuinnimh.

Fág freagra ar '‘Bearna shuntasach’ idir ‘sprioc’ Acht na hAeráide agus bearta – EPA'