Béarla inmhaite – an tsúil ribe curtha ag TG4 ar an séasúr is déanaí de ‘Fargo’

Cuireadh tús patuar go maith leis an séasúr is déanaí den díolaim atá bunaithe ar shaothar na ndeartháireacha Coen ach más aon fhianaise na sraitheanna eile roimhe seo feabhsóidh cúrsaí.

Béarla inmhaite – an tsúil ribe curtha ag TG4 ar an séasúr is déanaí de ‘Fargo’

Chris Rock mar Loy Cannon. Pictiúr: Matthias Clamer/FX

Chuir na léirmheastóirí agus lucht féachana araon an-dúil sa scannán Fargo i 1996, saothar ar éirigh leis dhá dhuais Oscar a chrochadh leis. Bhí saothar na ndeartháireacha Coen lán le camastaíl, carachtair shuaithinseacha agus greann dubh. Blianta ina dhiaidh sin spreag an saothar Noah Hawley le dul i mbun pinn le sraith teilifíse a bhunú leis an meon céanna. Níl de cheangal idir an scannán agus an díolaim teilifíse ach na tréithe sin thuas agus go bhfuilid suite i meániarthar Mheiriceá. Is amhlaidh atá maidir le séasúir éagsúla na díolama. 

Ó 2014 i leith tá Fargo an scáileáin bhig tar éis an lucht féachana a chur fé dhraíocht agus iad gafa le gníomhartha buile is grinn na gcarachtar a bhí á léiriú ag leithéidí Billy Bob Thornton, Martin Freeman, Kirsten Dunst, Ewan McGregor agus Jesse Plemoms. Tá an tsúil ribe curtha ag TG4 ar an gceathrú séasúr di (TG4, Dé Máirt). 

Táthar ann a cháinfeadh TG4 as saothar Meiriceánanch Béarla a chraoladh agus is cinnte go bhfuil go leor seanmóireachta déanta agam féin i gcaitheamh na mblianta faoi cheist na Gaeilge i mBaile na hAbhann. Tuigim, áfach, go gcaithfear crústa a thuilleamh agus an Béarla a úsáid le lucht féachana, agus dá réir sin fógraíocht, a mhealladh. 

Ar an mbonn sin b’fhearr liom an tsoiléireacht agus an mhacántacht a bhaineann le leithéidí Fargo ná an cur i gcéill agus mugadh magadh a bhaineann le bheith ag iarraidh cur ina luí orainn gur clár Gaeilge é clár faisnéise ina bhfuil cúpla nóiméad fánach Gaeilge ann. Go deimhin bhí cúpla focal Gaeilge sa chéad ghála de shéasúr a ceathair de Fargo, an gciallaíonn sé sin gur clár Gaeilge é? 

Sa réamhrá atá breis agus fiche nóimint ar fhad léirítear stair na coiriúlachta in Kansas City ó 1900 go 1950. Gach buíon agus cine á gcur de dhroim seoil ag an gcéad rabharta eile d’inimircigh. Aghaidh á tabhairt acu ar a chéile os comhair an tsiopa chéanna, fiú. Giúdaigh, The Moskowitz Syndicate, á ruaigeadh ag muintir Milligan na hÉireann agus na hIodálaigh ag fáil an ceann is fearr orthu siúd ina dhiaidh sin. I dtosach an chéad ghála tá na Meiriceánaigh Afracacha ag tabhairt aghaidhe ar na hIodálaigh. 

Tarraingíonn Hawley téama seanchaite chuige féin sa réamhrá seo, is é sin go bhfuil sé mar nós ag na teaghlaigh éagsúla mac is óige an cheannaire a thabhairt don teaghlach eile ar mhaithe leis an tsíocháin. Gan amhras tá gach cor in aghaidh an chaim maidir leis seo agus bhí ar an Rabbi Milligan (Ben Whishaw) tréimhsí a chaitheamh leis an Giúdaigh agus na hIodálaigh go dtí gur thug sé cúl le cine sa deireadh. 

Tá an nós fós beo i 1950 agus tá Loya Cannon (Chris Rock) ag tabhairt a mhic a láimh dos na hIodálaigh. Níl sé ina chogadh dearg eatarthu go fóill ach is gearr go mbeidh. Idir an dá linn cuirtear an t-altra Oraetta Mayflower (Jessie Buckley) os ár gcomhair, bean shuáilceach, chineálta, dheisbhéalach atá go hiomlán as a meabhair. Lena chois sin tá Ethelrida Pearl Smutny (E’myri Crutchfield), cailín éirimiúil diongbháilte den chine dubh, mar thráchtaire againn.  

Tugann Chris Rock taispeántas breá uaidh agus is é atá deas ar an drámaíocht agus an greann a chniotáil le chéile. Tá Buckley go diail, mar is dual di agus bhíos an-tógtha chomh maith le Crutchfield. Taibhsíodh dom go raibh an chéad ghála malltriallach go maith agus róshaothraithe go minic. Ní haon dóithín é Hawley, áfach, agus más aon fhianaise na sraitheanna eile roimhe seo, feabhsóidh cúrsaí.

Fág freagra ar 'Béarla inmhaite – an tsúil ribe curtha ag TG4 ar an séasúr is déanaí de ‘Fargo’'