‘Béarla amháin’ an polasaí atá ag siopaí Iceland

Deir an mórchomhlacht earraí reoite nach gcuirtear comharthaíocht ar fáil in aon teanga eile seachas an Béarla in aon cheann dá siopaí in Éirinn ná sa Ríocht Aontaithe, polasaí atá ag cur oilc ar lucht feachtais sa Bhreatain Bheag

‘Béarla amháin’ an polasaí atá ag siopaí Iceland

Tá ráite ag an mórchomhlacht earraí reoite Iceland nach bhfuil sé i gceist acu comharthaíocht a chur ar fáil ina siopaí in Éirinn in aon teanga eile seachas an Béarla.

Thug urlabhraí de chuid an chomhlachta an méid sin le fios i ndiaidh do lucht feachtais sa Bhreatain Bheag agóid a chur ar bun ag éileamh seirbhísí Breatnaise ag oscailt siopa nua de chuid an chomhlachta in Y Rhyl.

“Ní chuirtear comharthaíocht ar fáil faoi láthair in aon teanga eile seachas an Béarla in aon cheann dár siopaí in aon chuid den Ríocht Aontaithe ná d’Éirinn,” a dúirt urlabhraí ó Iceland i ndiaidh na hagóide ag oscailt an tsiopa nua.

Chuir 15 ball de Cymdeithas yr Iaith an agóid ar bun agus siopa nua á oscailt go hoifigiúil i bpáirc mhiondíola.

Dúirt David Williams, cathaoirleach na craoibhe áitiúla de Cymdeithas yr Iaith Gymraeg gurb ionann oscailt an tsiopa agus “cóisir” nach mbíonn “aon bhronntanais ann do na haíonna”.

“Sin atá anseo againn inniu. Tá cuireadh tugtha ag Iceland dúinn ar fad bualadh isteach chucu, ach tá dearmad déanta acu ar an gcomharthaíocht Bhreatnaise le meas a léiriú ar an mBreatain Bheag. Táimid ag súil go mbeidh lánseirbhís Bhreatnaise ar fáil anseo go luath,” a dúirt David Williams leis an Daily Post.

Dúirt urlabhraí ó Iceland áfach nach gcuireann na comharthaí aonteangacha Béarla ina siopaí isteach ar dhaoine agus gurb amhlaidh go n-éireodh cúrsaí “níos casta agus níos costasaí” dá gcrochfaí comharthaíocht i mBreatnais chomh maith. 

Dúirt David Williams ó Cymdeithas yr Iaith Gymraeg nach é Iceland an t-aon chomhlacht san earnáil phríobháideach nach dtugann a ceart don Bhreatnais agus mhaígh sé gur gá dualgais maidir le cearta teanga a leagan ar an earnáil sin.

Dúirt an t-urlabhraí de chuid Iceland go gcoinneofaí súil ar an scéal agus ar “meon an phobail” ina leith.

Tá thart ar 40 siopa ag Iceland in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Béarla amháin’ an polasaí atá ag siopaí Iceland'

  • Gabriel Rosenstock

    Baghcat.

  • AnRógaire

    Gnáthpholasaí na hearnála príobháidí sa Bhreatain agus in Éirinn.

  • Tomyanc

    Nach mór an dánacht acu a leitheid a dhéanamh, is dlí i nIoslainn go gchaithfi ainm ó Clár na nAinmneacha Pearsanta a úsaid nuair atá tú le páiste a bhaistiú. Agus mas mian leat ainm eile seachas ‘na h-ainmneacha oifigiúil’ a úsaid, caithfidh tú iarratas a chuir isteach leis an Coiste Na nAinmneacha Pearsanta le cead a fhaghail. Ag an Coiste ata an focal deireannach.

  • Mánus

    In ainneoin go bhfuil go leor Gaeilge ag go leor polaiteoirí sna 26 condae bíonn 99.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i mBéarla. Níl ICELAND ach ag leanúint an drochshampla atá á tabhairt ag Race of the Gael, Soldiers of Destiny agus Ourselves i nDáil Éireann .