Beannaithe Idir mhná a bhí Luciano Pavarotti, ceardaí álainn an ‘C Ard’

Tugann scannán Ron Howard léargas iontach ar conas a cinntíodh go mbeadh mac báicéara as Modena,ar dhuine de mhórealaíontóirí ceoil an fichiú haois

Beannaithe Idir mhná a bhí Luciano Pavarotti, ceardaí álainn an ‘C Ard’

...
Pavarotti’, le Ron Howard
...

Ba choitianta Domingo, Gedda agus Wunderlich ina rogha ag cognoscenti traidisiúnta an cheoldráma (opera) seachas Pavarotti. Is cuma faoi sin mar thar aon duine eile ba é Luciano Pavarotti a thug ceol an opera chuig an ngnáthphobal.

Más Dia a thug an guth dó, ba iad na láimhsitheoirí gnó a theilg mac an bháicéara níos faide amach sa réalt-strataisféar ná aon réalta opera, roimhe ná ina dhiaidh.

Sin agus Caruso, Gigli agus Di Stephano curtha san áireamh.

Laochadhradh neamhbhalbh atá ar bun ag Ron Howard in Pavarotti. Ní cás liom an méid sin. A luaithe a osclaíonn an rógaire ceolmhar a bhéal, tagann deireadh le réasún.

‘Bhí an-mheas riamh agam ar a ghlór naofa, an timbre sainiúil agus a raon iomlán gutha,’ a dúirt Placido Domingo faoi tráth. Is leor sin mar bhreithiúnas domsa.

De réir mar a chuirimid aithne ar an réalta Pavarotti bímid fá gheasa ag Luciano an duine. Fear nár chaill riamh saontacht naofa an pháiste, ná, caithfear a rá, cion agus meas gach aon duine den háram ban a bhailigh sé chuige, ar dhá thaobh na pluide, riamh anall. 

Tá imprimatur theaghlaigh na mban a bhí ag an maestro ag insint Howard ar a scéal agus cuireann comhoibriú seo mhná Luciano laincisí ar Howard a cheileann bealaí fiosraithe áirithe air. Sin cailís nimhe an scannáin údaraithe glan amach ansin agat.

Ach is éacht válsála ar uibheacha é go bhfuair Howard agallamh substaintiúil ó gach aon duine díobh. Agus níos suimiúla fós, ní raibh focal diúltach le rá ag aon duine díobh i gcoinne Pavarotti, ná, déanta na fírinne, faoina chéile. Sin in ainneoin gach bréag bheag agus tréigean mór a agraíodh orthu fan na slí.

Ní luann Howard gur chaith a iarbhean chéile Adua, an bhaintreach Nicoletta agus na hiníonacha blianta fada in adharca a chéile fán €300 milliún a d’fhág Rí an ‘C Ard’ mar uacht acu nuair a mharaigh ailse phaincréis é in 2007.

Chinntigh an cnap mór airgid sin go mbeadh siar is aniar sna cúirteanna ar feadh scaithimh agus níor réitíodh cúrsaí eatarthu go dtí 2009. Ní luaitear an saga cúirte ar chor ar bith sa scannán, a bhuíochas sin do chomhoibriú an teaghlaigh. Ní hé Howard an chéad scannánóir a d’fhoghlaim gur minice  praghas ar chomhoibriú na muintire ná a mhalairt. 

Ní luaitear ach oiread an litir oscailte chuig na nuachtáin Iodálacha a scríobh Adua nuair a foilsíodh grianghrafanna míchuibhiúla de Pavarotti (58) agus an rúnaí a bhí aige ag an am, an bhé álainn fhionn Nicoletta Mantovani (23) agus iad ag suirí sa Mhuir Chairib i 1996. Litir a dhein amach nárbh fholáir nó go raibh a hamadán céile ‘away sa chloigeann’.

Géillim go raibh leath den cheart aici. Bhí a céile away, ceart go leor, ach is dóichí gur ‘for slates’ a bhí sé, i mbéarlagair tuaithe Chontae Chorcaí, seachas ‘sa cheann’. Bhí an t-ádh dearg leis gan dabht má chuirtear cáilíochtaí ildánacha Nicoletta mar bhé agus mar chompánach anama san áireamh.

Is ceol dom an cheannlíne a bhí ag Paddy Agnew san Irish Times ag an am: ‘Wife sounds discordant note as fat tenor swings’. Is díol trua é nach mbíonn iriseoirí de mhianach Agnew againn a thuilleadh.

 

Is breá le Ron Howard an insint líneach ar scéal. Níl crosghearradh cliste ná fiaradh ama ina mhála cleas aige agus scéal úillín óir an cheoldráma á insint.

Tús, lár agus críoch a bhíonn aige agus is san ord sin a thagann na cloigne cainte agus na blúirí cartlainne isteach, ceann i ndiaidh a chéile. Fearacht Luciano féin, tá struchtúr an scannáin simplí, intuartha agus thar a bheith éifeachtach.

Agus a leithéid de scéal atá aige. Fear a ardaíodh ó urlár an bhácúis go dtí na stáitsí ceoldrámaí is céimiúla ar domhan: La Scala, The Metropolitan, Covent Garden, Chicago, An Vín, Moscó.

Má bhí raon na rólanna móra a roghnaigh sé tanaí, i gcomparáid le Domingo, abair, glactar nach raibh fear a bharrtha ann riamh i La Fille du Regiment le Donizetti. Ah! mes amis, quel jour de fête!’ agus na-naoi-C-arda-as-a chéile Everest an teanóir seo, teist a bhris a lán eile roimhe agus ó shin. Tiaradh dá laghad níor chuir siad ar Pavarotti.

Má bhí cognoscenti baothghalánta an opera beagáinín ardnósach riamh faoi Pavorotti, níor ghoill sin puinn ar an ngnáthphobal. Beannaithe ó Dhia le guth an aingil, ardaíodh Pavarotti go céim níb airde lústar ná aon fhear opera a bhlais boladh na gréisce agus gáir mholta an tslua roimhe, ná ó shin.

Agus ansin bhí ‘Nessun Dorma’. Pavarotti, Domingo agus Carreras, triúr a bhí as a meabhair faoi chúrsaí peile i gcónaí, agus siúd iad ar ardán taibhseach an Teatro di Thermae Caracalla sa Róimh an oíche roimh Chluiche Ceannais Chorn an Domhain i 1996.

Thugadar joie de vivre chuig an seó opera ba mhó riamh, seó a chuir Zubin Mehta le chéile. Bhog dea-ghiúmar tógálach an triúir agus feabhas an cheoil croíthe na gcéadta milliún duine fud fad na cruinne an oíche bheannaithe sin. Toisc taifead a bheith ann den cheolchoirm beidh daoine faoi gheasa ag áilleacht na hócáide sin go deo na ndeor.

Chruthaíodar triúr lá dár saol dúinn an oíche sin, agus thug a bhuaicphointe do Ron Howard dá scannán.

Bhí an t-ádh glan ar Luciano Pavarotti guth chomh hiontach a bheith aige agus bhí mná agus bainisteoirí maithe aige chomh maith. Tugann scannán Ron Howard léargas iontach ar na trí bhronntanas sin a chinntigh go mbeadh ceardaí álainn an ‘C Ard’, mac báicéara as Modena, ar dhuine de mhórealaíontóirí ceoil an fichiú haois.

Ní chaillfinn ar ór ná ar airgead an scannán seo. Agus ná lig d’fhéinmholadh Bono cur as duit puinn.

Beir do pháirtí leat. Ní fios cad a mhúsclódh guth Pavarotti sna suíocháin chúil eadraibh.

Ó Thuaidh!

Fág freagra ar 'Beannaithe Idir mhná a bhí Luciano Pavarotti, ceardaí álainn an ‘C Ard’'