Beannachtaí na Nollag le crochadh i dtrí theanga i mBéal Feirste aimsir na Nollag

Ar mholadh ón gcomhairleoir Michael Long, ceannaire Pháirtí an Alliance sa Chomhairle, beidh comharthaí i mBéarla, i nGaeilge agus in Ultais á gcrochadh i mbliana

Beannachtaí na Nollag le crochadh i dtrí theanga i mBéal Feirste aimsir na Nollag

Beidh comharthaíocht “thrítheangach” le feiceáil ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste an Nollaig seo.

Beidh ‘Nollaig Shona’ le léamh ar thaobh an fhoirgnimh i mBéarla, i nGaeilge agus in Ultais.

Ba é an comhairleoir Michael Long, ceannaire an Alliance Party sa Chomhairle, a mhol go gcrochfaí comharthaíocht sna trí theanga sin i mbliana, i bhfianaise na conspóide faoi chúrsaí teanga ó thuaidh le hocht mí anuas.

“Tar éis cúpla mí den drochphoiblíocht ag Halla na Cathrach, tá áthas orm go bhfuil spiorad na Nollag beo beathach agus le brath an-luath sa bhliain agus gach páirtí ag aontú ar chomhréiteach an Alliance go mbeadh na soilse Nollag i mBéarla, i nGaeilge, agus in Ultais ar thosach Halla na Cathrach.

“Tá ríméad orm gur thángthas ar chomhréiteach ar cheist seo na teanga, ceist a scoilt agus a scar sinn go minic san am a chuaigh thart. Ba mhaith liom a bheith ar an gcéad duine i mbliana a ghuífidh ‘Happy Christmas’, ‘Shona Nollaig’ agus ‘Blythe Yuletide’ ar mhuintir Bhéal Feirste,” a dúirt Long.

Go dtí seo, ba i mBéarla a bhíodh an chomharthaíocht ar éadan Halla na Cathrach agus i nGaeilge ar chúl an tí. Beidh na beannachtaí le feiceáil ar thosach an fhoirgnimh aimsir na Nollag 2017.

Fág freagra ar 'Beannachtaí na Nollag le crochadh i dtrí theanga i mBéal Feirste aimsir na Nollag'