Beannacht i nGaeilge ag Diúc agus Bandiúc Cambridge ar thuirlingt in Éirinn dóibh

Cuairt trí lá ar Éirinn atá ar bun ag Diúc agus Bandiúc Cambridge, William agus Kate, agus beidh siad ag freastal ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i gcontaetha na Mí, Chill Dara agus na Gaillimhe

Beannacht i nGaeilge ag Diúc agus Bandiúc Cambridge ar thuirlingt in Éirinn dóibh

D’iompaigh Diúc agus Bandiúc Cambridge Shasana ar an nGaeilge inniu chun a fhógairt go raibh siad leaindeáilte ar thalamh na hÉireann.

“Dia daoibh, daoine na hÉireann,” an bheannacht a chuir Diúc agus Bandiúc Cambridge, William agus Kate, ar a gcuntas Twitter.

Mairfidh cuairt na beirte ar Éirinn trí lá agus is í seo an chéad chuairt ag baill de rítheaghlach Shasana ar Éirinn ó tháinig an Breatimeacht i bhfeidhm.

Thug siad cuairt ar dtús ar Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus beidh siad ag freastal ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i gcontaetha na Mí, Chill Dara agus na Gaillimhe.

Leagfaidh siad bláthfhleasc inniu ag an nGairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell in ómós dóibh siúd ar fad a fuair bás ar son shaoirse na hÉireann.

Cóta glas smaragaide de chuid an dearthóra Catherine Walker agus gúna glas Alessendra Rich a bhí á gcaitheamh ag an mBandiúc ar leaindeáil di in Éirinn agus bhí carbhat glas ar an Diúc.

 

Fág freagra ar 'Beannacht i nGaeilge ag Diúc agus Bandiúc Cambridge ar thuirlingt in Éirinn dóibh'

  • Gabriel Rosenstock

    Ó! Tá geitimíní orm – agus sceitimíní fiú amháin!