Beannacht an EMA faighte ag snáthaid aon dáileoige Johnson & Johnson

Tá Johnson & Johnson le 200 milliún dáileog a sholáthar don Aontas Eorpach agus tá 600,000 díobhsan le teacht go dtí an stát seo idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh

Beannacht an EMA faighte ag snáthaid aon dáileoige Johnson & Johnson

Tá a mbeannacht tugtha ag an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) do shnáthaid Johnson & Johnson, an chéad vacsáin Covid-19 ar leor dáileog amháin di. 

Tá Johnson & Johnson le 200 milliún dáileog a sholáthar don Aontas Eorpach agus tá 600,000 díobhsan le teacht go dtí an stát seo idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh.

Maítear go ndéanfaidh an vacsáin aon dáileoige athrú ó bhonn ar an bhfeachtas in aghaidh an ghalair ach tá deacrachtaí soláthair ann agus sciob sceab ar an tsnáthaid ar fud an domhain.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmeach an EMA, Emer Cooke go mbeadh uirlis eile anois ag ballstáit an AE chun cur i gcoinne na paindéime agus beatha agus sláinte daoine a chosaint.

Chinn EMA go raibh dóthain fianaise ann go raibh an vacsáin “éifeachtach, sábháilte agus ar chaighdeán maith”. 

Seo an ceathrú vacsáin a bhfuil a mbeannacht tugtha ag an EMA di. Tá vacsaíní Pfizer/BioNTech, AstraZeneca agus Moderna in úsáid san AE cheana féin ach teastáionn dhá dháileog de na vacsáiní sin.

Bua eile atá ag an vacsaín seo ó Johnson & Johnson gur féidir í a stóráil ag gnáth-theocht chuisneora ar feadh trí mhí ar a laghad.

Fágann sin gurb éasca go mór í a dháileadh ná vacsaíní Pfizer-BioNTech agus Moderna a chaithfear a stóráil ag teocht fhíoríseal agus a dteastaíonn dhá shnáthaid an duine díobh.

De réir Údarás Bia agus Drugaí sna Stáit Aontaithe tá an-chosaint le fáil ó vacsaín Johnson and Johnson, nach gá ach snáthaid amháin di, in aghaidh bás nó drochráig tinnis ón Covid-19. Cé go gcaithfear tuilleadh taighde a dhéanamh, léiríonn an anailís go bhféadfadh nach scaipfeadh duine a mbeadh an vacsaín seo faighte aige an víreas chomh mór céanna.

Tá éifeachtúlacht 72% aici sna Stáit Aontaithe agus 64% san Afraic Theas, áit a bhfuil cineál an-tógálach den víreas ón bhfómhar agus é ar an gcineál is coitianta ansin faoi láthair.

 Tá 2.2 milliún dáileog den vacsaín seo ordaithe ag an tír seo mar thús agus is mór an t-údar misnigh go mbeidh sí ar fáil.

Dúirt Johnson & Johnson leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo, áfach, go mbeidh deacrachtaí acu maidir le soláthar an 55 milliún dáileog den vacsaín atá geallta do bhallstáit an Aontais sa dara ráithe den bhliain.

Deir Johnson & Johnson go bhfuil brú orthu mar gheall ar dheacrachtaí lena bpróiseas táirgeachta. Bhí na deacrachtaí céanna acu nuair a tosaíodh ar dháileadh na vacsaíne i Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid inné gur beag de vacsaín Johnson and Johnson a thiocfaidh anseo i dtús ama agus gur thart ar 250,000 dáileog sa tseachtain a bheidh chugainn ón Aibreán.

Agus an Taoiseach Micheál Martin ag caint ar 7Lá ar TG4 an mhí seo caite, dúirt sé gur “mhór an cúnamh” do chlár vacsaínithe na tíre seo a bheadh i vacsaín Johnson & Johnson.

Fág freagra ar 'Beannacht an EMA faighte ag snáthaid aon dáileoige Johnson & Johnson'