Bean sna caogaidí maraithe i dtimpiste bhóthair buille is teitheadh i nGaeltacht Chois Fharraige

Tharla an timpiste ag thart ar 7.30pm gar do Thigh Phádraicín ar bhóthar Chois Fharraige

Bean sna caogaidí maraithe i dtimpiste bhóthair buille is teitheadh i nGaeltacht Chois Fharraige

Tá fiosrú ar bun ag na Gardaí faoi thimpiste bhóthair sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara inar maraíodh bean sna caogaidí.

Bhí an bhean amuigh ag siúl agus níor stop an tiománaí i ndiaidh na timpiste. Bhí an bhean gortaithe go dona nuair a thángthas uirthi.

Tharla an timpiste ag thart ar 7.30pm gar do Thigh Phádraicín ar bhóthar Chois Fharraige. Tugadh an bhean go dtí Ospideál na hOllscoile, Gaillimh agus go gairid ina dhiaidh sin fógraíodh í a bheith marbh.

Déanfar scrúdú iarbháis ag tráth níos faide ar aghaidh.

Tá na Gardaí den tuairim gur thionóisc buille is teitheadh a bhí ann agus beidh an bóthar dúnta go dtí maidin amárach.

Déanfaidh baill den Aonad um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtí scagadh ar láthair na timpiste maidin amárach.

Tá na Gardaí i mBóthar na Trá ag iarraidh eolais ó aon duine a bhí ag taisteal i gceantar na bhForbacha idir 7pm agus 7.30pm, go háirithe aon tiománaí a d’fhéadfadh fianaise ó cheamara nó dash-cam a chur ar fáil faoin eachtra.

Fág freagra ar 'Bean sna caogaidí maraithe i dtimpiste bhóthair buille is teitheadh i nGaeltacht Chois Fharraige'

  • Pól Ó Braoin

    Go ndéana Dia grásta uirthi agus tá súil le Dia agam nach fada go mbéarfar ar an té a d’fhág í le bás brónach uaigneach a fháil ar thaobh an bhóthair…