Bean ó TG4 agus fear ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ceaptha ag Údarás na Gaeltachta

Tá feidhmeannach cumarsáide agus feidhmeannach acmhainní daonna nua fostaithe ag an eagraíocht fiontraíochta agus Gaeltachta

Bean ó TG4 agus fear ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ceaptha ag Údarás na Gaeltachta

Tá bean ó TG4 agus fear ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe earcaithe ag Údarás na Gaeltachta do dhá fholúntas shinsearacha san eagraíocht fiontraíochta. Beidh Orla King, a bhí ina bainisteoir acmhainní daonna le TG4 go dtí seo, anois ina feidhmeannach acmhainní daonna san Údarás agus beidh Páid Ó Neachtain ina fheidhmeannach cumarsáide ann. 

Is as na Doiriú i gConamara í King agus tá os cionn ocht mbliana caite aici le TG4. D’oibrigh sí le Eo Teilifís ar an Spidéal roimhe sin. Is as an gCré Dhubh i gCois Fharraige é Ó Neachtain agus bhí sé ina Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chontae na Gaillimhe roimhe seo. D’oibrigh sé roimhe sin leis an nuachtán Foinse agus tá sé sáite i gcúrsaí CLG sa Spidéal. 

Beidh an bheirt fhostaithe nua lonnaithe i gceannáras Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe, taobh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta. 

Rinneadh athstruchtúrú ar chóras bainistíochta Údarás na Gaeltachta le deireanas agus leagadh cúraimí nua ar go leor de bhaill foirne heagraíochta. Tháinig cuid den athstruchtúrú i bhfeidhm i mí Lúnasa agus fágadh folúntais san eagraíocht dá bharr. 

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie go raibh agallaimh ann Dé hAoine seo caite do phost an Phríomhfheidhmeannaigh i bhForas na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Bean ó TG4 agus fear ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ceaptha ag Údarás na Gaeltachta'