Rinneadh cuimhneachán ag Féile na bhFlaitheartach le gairid ar Phegeen O’Sullivan a bhásaigh i mí Iúil. Bhí cuimhneachán tuillte go maith aici. Ach oiread lena hathair Poblachtach agus Sóisialach a bhí inti. Ba é an scríbhneoir mór Liam Ó Flaithearta a hathair agus ba í Margaret Barrington, scríbhneoir eile, a máthair.
Sa nGairdín Cuimhneacháin atá in aice le seanteach na bhFlaitheartach a rinneadh cur síos uirthi. Is maith is cuimhin liom go raibh sí i láthair an lá ar osclaíodh go hoifigiúil an Gairdín Cuimhneacháin sin. D’éirigh liom a dhul chun cainte léi.
“An bhfuil a fhios agat céard a scríobh d’athair fút nuair a rugadh tú,” a d’fhiafraigh mé di. “Ní chuimhním go bhfaca mé é,” ar sise.
Bhí sé scríofa ar pháipéar agam agus léigh mé di é. Seo mar a dúirt sé: “Physically she is the image of her mother, but I am afraid that she was born with my temper and restlessness. God help her suitors!”
Thug sí léi an píosa páipéir agus thaispeáin sí dá fear céile Christy é. “Nach aige a bhí an ceart?” ar seisean.
Go dtí gur cailleadh í ba bheag eile a bhí ar eolas agam faoi Phegeen. Níor thuig mé go raibh sí chomh páirteach i gcúrsaí polaitíochta agus a bhí.
Tá a fhios agam anois go raibh sí thar a bheith gníomhach i gcúrsaí Sóisialachais agus Poblachtais i Sasana. Choinnigh sí leis an gcúrsa sin nuair ba chúis amhrais thall a cuid oibre agus nuair a bhí sé contúirteach go leor a bheith ag teacht amach go hoscailte in aghaidh na n-údarás.
Ba mhinic í ag scríobh altanna agus léirmheasanna don Irish Democrat, iris oifigiúil an Connolly Association, eagraíocht Phoblachtach i measc na nÉireannach i Sasana.
Bhí sí ina rúnaí ar an Camden Irish Forum nuair a bhí siadsan ag iarraidh ar an gComhairle Áitiúil oifig a cheadú do Shinn Féin sa gceantar.
Ba bhródúil a chaitheadh Pegeen agus a fear lile na Cásca chuile bhliain i gcuimhne ar na tírghráthóirí go léir a fuair bás ar son na hÉireann.
Aríst eile bhí páirt mhór acu beirt sa bhfeachtas in aghaidh an ‘Prevention of Terrorism Act’ a thug Rialtas an Lucht Oibre isteach thall sna seachtóidí.
Eagraíocht eile fós a raibh Pegeen páirteach inti ba ea Fuascailt. Eagraíocht a bhí inti sin a rinne a cion ar son na bpríosúnach polaitíochta i Sasana.
Chuaigh Kathleen Mc Mahon agus a fear Pat go Sasana chuig sochraid Phegeen ar son Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlatharta. Chuaigh an ócáid i bhfeidhm go mór orthu. Thug Kathleen cuntas breá sa nGairdín Cuimhneacháin ar an searmanas ar fad.
Searmanas de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise a bhí ann. Leis an eaglais sin a bhí Pegeen.
Ar dhaoine eile a bhí ar an tsochraid bhí Maurice Quinlivan, an Teachta Dála Sinn Féineach as Cathair Luimnigh, Joe Dwyer atá i gceannas ar oifig Shinn Féin i Londain, Pete Middleton agus Shelagh O’Connor as Cumann Wolf Tone i Londain agus col ceathrar Phegeen. Mairéad Ní Eithir.
Fág freagra ar 'Bean í Pegeen O’Sullivan a raibh cuimhneachán tuillte go maith aici'