Bean Ghaeltachta i measc na marbh i dtimpiste thragóideach bhóthair i gContae Lú

Ba as Ard an Rátha i nDún na nGall duine den triúr ban a maraíodh aréir

Bean Ghaeltachta i measc na marbh i dtimpiste thragóideach bhóthair i gContae Lú

Ba as Gaeltacht Thír Chonaill duine den triúr ban a maraíodh i dtimpiste bhóthair i gContae Lú aréir. Bhí an triúr ban ag teacht abhaile ó Aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis a bheith ar laethanta saoire nuair tharla an taisme ar an N2 taobh amuigh d’Áth Fheirdia i gContae Lú.

Tuairiscítear gur máthair agus iníon as an mBroclais a bhí i mbeirt bhan agus gur comharsa leo, ar as Ard an Rátha i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas í, an tríú bean.

Bhásaigh an triúr acu, a bhí 69, 39 agus 37 bliain d’aois, ar an láthair ag thart ar a haon a chlog ar maidin aréir. Gortaíodh fear a bhí ag taisteal sa charr in éineacht leo go dona freisin. Gortaíodh fear a bhí ag taisteal i gcarr eile chomh maith. Tá an bheirt fhear anois san ospidéal i nDroichead Átha.

Níor gortaíodh na daoine a bhí sa tríú carr a bhí sa timpiste bhóthair.

Beidh an bóthar N2 idir Áth Fheirdia agus Droichead Bhéal Átha Claonta dúnta don lá agus fiosrúchán ar bun ag an nGarda Síochána ann. Tá iarrtha ar thiománaithe atá ag dul go Baile na Lorgan imeacht den M1 ag acomhal 17.

Tá 97 duine maraithe ar bhóithre an stáit ó thús na bliana, naonúr níos lú ná mar a maraíodh sa tréimhse chéanna anuraidh. 

Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta i measc na marbh i dtimpiste thragóideach bhóthair i gContae Lú'