Beidh ar a laghad bean amháin ón nGaeltacht ag glacadh páirte sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an bhliain seo chugainn agus áit bainte amach ag Sinéad Diver sa mharatón.
Chríochnaigh Diver, arb as Béal an Mhuirthead ó dhúchas di, sa seachtú háit i Maratón Londan inné. Chríochnaigh sí an rás in 2:24:11, an t-am is fearr riamh aici, agus í cáilithe anois chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha in 2020.
Bhí Diver sa chéad áit leath bealaigh tríd an maratón inné ach ba í an Céiniach Brigid Kosgei a bhuaigh an rás ar deireadh agus an 42.2km rite aici in 2:18:19.
Few shots of @diversinead having a hell of a day of it today – Tokyo now very much on the horizon @melbtrackclub
? @LondonMarathon pic.twitter.com/RDQF39svwg
— Cathal Dennehy (@Cathal_Dennehy) April 28, 2019
Cé gur rugadh Diver in Éirinn, is ar son na hAstráile a bheidh sí san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo. Tá seacht mbliana déag caite aici ina cónaí san Astráil ó chuaigh sí ar imirce in 2002.
Níor thosaigh Diver, atá 42 bliain d’aois, ag glacadh páirte i rásaí go dtí 2011 ach tá dul chun cinn iontach déanta aici ó shin i leith. Ghlac sí páirt ar son na hAstráile i gcraobh lúthchleasaíochta an domhain i mBéising in 2015 agus i Londain in 2017.
Tá ceangail láidir aici le Gaeltacht Thír Chonaill chomh maith. Is as an mBun Beag i nGaoth Dobhair dá hathair, Eddie.
Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta as Maigh Eo agus de bhunadh Ghaoth Dobhair ar fhoireann na hAstráile do na Cluichí Oilimpeacha'