Bean gafa ag Aerfort na Carraige Finne i ndiaidh buidéal fíona agus cúig bhuidéal beag gin a ól ar eitilt ó Ghlaschú

D’éirigh an bhean, a bhí ar a bealach go Dún na nGall chun cúrsa athshlánaithe a dhéanamh, foréigneach le linn na heitilte agus d’ionsaigh sí freastalaí aeir de chuid Aer Lingus

Bean gafa ag Aerfort na Carraige Finne i ndiaidh buidéal fíona agus cúig bhuidéal beag gin a ól ar eitilt ó Ghlaschú

Gabhadh Albanach mná i nGaeltacht Thír Chonaill inniu i ndiaidh di raic a tharraingt ar bord eitleáin ó Ghlaschú go haerfort na Carraige Finne.

D’ól Alison Devine, as Lannraig, buidéal fíona agus roinnt buidéilíní gin sula ndeachaigh sí ar bord eitleáin in Aerfort Ghlaschú níos luaithe inniu. D’éirigh sí foréigneach le linn na heitilte agus d’ionsaigh sí freastalaí aeir de chuid Aer Lingus. Chuir paisinéir eile faoi smacht í sular tháinig an t-eitleán i dtír ag Carraig Fhinn.

Gabhadh Devine nuair a tháinig an t-eitleán isteach ag an aerfort Gaeltachta agus tháinig sí os comhair na cúirte i Leitir Ceanainn agus dhá chúis curtha ina leith.

Thug an Garda Éamon McGinley, a ghabh Devine i gCarraig Fhinn, le fios gur gortaíodh an freastalaí aeir nuair a rug Devine ar chaol a láimhe agus gur scanraíodh go dona í. Dúirt sé gur iompair Devine í féin “go gránna” nuair a gabhadh í.

Dúirt sé nár tugadh aon deoch mheisciúil do Devine agus í ar bord agus dúirt nach bhféadfadh an eitilt tuirlingt i nDún na nGall murach an paisinéir eile a chuir stop léi.

Bhí Devine ar a bealach go Tír Chonaill le freastal ar chúrsa athshlánaithe in Ionad Athshlánaithe De Exetor i dTearmann i dtuaisceart an chontae. Bhí socrú déanta ag Devine le comhairleoir ón ionad sin go gcasfadh sí leis ag an aerfort i gCarraig Fhinn. Thug dlíodóir Devine, Patsy Gallagher, le fios don chúirt i Leitir Ceanainn, áfach, go raibh an deis aici alcól a cheannach nuair a d’fhág a muintir ag an aerfort i nGlaschú í.

“Fágadh ag an aerfort í leis an eitleán go hÉirinn a fháil. Ní raibh aon tacaíocht ar an taobh eile [de gheata an aerfoirt] di. D’ól sí buidéal iomlán fíona in dhá nóiméad agus cheannaigh sí cúig nó sé bhuidéilín gin agus d’ól iad sin freisin.

“Is pearsantacht Jekyll agus Hyde atá inti agus tá aiféala mór uirthi agus faitíos mór uirthi faoin áit a bhfuil sí anois,” a dúirt Gallagher.

Dúirt an Breitheamh Paul Kelly go scaoilfí amach ar bannaí Devine a fhad is a tugadh geallúint go bhfreastalódh sí ar an gcúrsa athshlánaithe i dTearmann.

Baineadh a pas agus a ceadúnas tiomána de Devine agus ordaíodh di fanacht in Áras De Exetor i dTearmann as seo go ceann bliana.

Fág freagra ar 'Bean gafa ag Aerfort na Carraige Finne i ndiaidh buidéal fíona agus cúig bhuidéal beag gin a ól ar eitilt ó Ghlaschú'