Bean as Conamara ainmnithe ar fhoireann na hÉireann do Chraobh na Sé Náisiún

Ainmníodh Mairéad Coyne ar fhoireann Tom Tierney a chuirfidh tús leis an gcomórtas an tseachtain seo chugainn

Bean as Conamara ainmnithe ar fhoireann na hÉireann do Chraobh na Sé Náisiún

Mairéad Coyne. INPHO/Billy Stickland

Tá Mairéad Coyne as An Líonán ainmnithe ar fhoireann rugbaí na hÉireann a imreoidh i gCraobh Sé Náisiún na mBan an t-earrach seo.

D’imir Coyne a céad chluiche d’fhoireann na hÉireann ag deireadh 2015 agus tá an geansaí glas caite cúig huaire aici ó shin. Is ar an gcliathán nó mar lánchúlaí is minice a imríonn Coyne, a chaith seal ag imirt d’fhoireann peile na Gaillimhe roimhe seo.

I gcoinne na hAlban i nGlaschú a bheidh Éire ina gcéad chluiche a bheidh ar siúl ar an Aoine an 3 Feabhra. Den chéad uair riamh, craolfar cluichí uile na hÉireann beo ar RTÉ.

Tá cúigear imreoirí nua, Ilse Van Staden, Ciara O’Connor, Ailsa Hughes, Jemma Jackson agus Eimear Considine, ainmnithe ag an gcóitseálaí Tom Tierney ina scuad agus is í Niamh Briggs captaen na foirne arís.

Tá Craobh na Sé Náisiún na mBan buaite faoi dhó ag Éirinn le ceithre bliana anuas, in 2013 agus in 2015, ach chaill siad trí chluiche an fómhar seo, i gcoinne na Nua-Shéalainne, Cheanada agus Shasana. Deir Tierney, áfach, go rachaidh na cluichí crua sin chun sochair dóibh.

“Cé go raibh cúpla cluiche crua againn i mí na Samhna, seasfaidh na cluichí sin do na himreoirí agus muid ag tabhairt aghaidh ar Chraobh na Sé Náisiún.

“Tá meascán maith idir imreoirí le taithí agus imreoirí óga sa scuad, agus sna campaí a bhí againn gach seachtain ón Nollaig, bhí muid ag obair go dian chun ár struchtúr imeartha a chur i bhfeidhm agus chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag gach duine céard atá ag teastáil uathu.”


Foireann Ban na hÉireann

Tosaithe:

Elaine Anthony (Cúige Mumhan)

Anna Caplice (Cúige Mumhan)

Ciara Cooney (Cúige Laighean)

Ailis Egan (Cúige Laighean)

Paula Fitzpatrick (Cúige Laighean)

Orla Fitzsimons (Cúige Laighean)

Nichola Fryday (Cúige Chonnacht)

Ciara Griffin (Cúige Mumhan)

Leah Lyons (Cúige Mumhan)

Claire Molloy (Cúige Chonnacht)

Cliodhna Moloney (Cúige Laighean)

Heather O’Brien (Cúige Mumhan)

Ciara O’Connor (Cúige Chonnacht)

Ruth O’Reilly (Cúige Chonnacht)

Lindsay Peat (Cúige Laighean)

Marie-Louise Reilly (Cúige Laighean)

Ilse Van Staden (Cúige Uladh)

Cúlaithe:

Niamh Briggs (Cúige Mumhan)

Eimear Considine (Cúige Mumhan)

Mairéad Coyne (Cúige Chonnacht)

Aine Donnelly (Cúige Laighean)

Mary Healy (Cúige Chonnacht)

Ailsa Hughes (Cúige Laighean)

Jemma Jackson (Cúige Uladh)

Niamh Kavanagh (Cúige Mumhan)

Claire McLaughlin (Cúige Uladh)

Alison Miller (Cúige Chonnacht)

Jenny Murphy (Cúige Laighean)

Sene Naoupu (Ayslesford Bulls)

Nora Stapleton (Cúige Laighean)

Fág freagra ar 'Bean as Conamara ainmnithe ar fhoireann na hÉireann do Chraobh na Sé Náisiún'