Bean as Carna le cur ar a triail amárach agus gadaíocht bainc curtha ina leith

Phléadáil Maureen Folan, ar as Carna ó dhúchas di, neamhchiontach sa 17 cúis atá curtha ina leith a bhaineann le goid €30,950 ón AIB ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh. I nGaeilge a éisteofar an cás amárach

Screen Shot 2015-11-24 at 16.05.08

Cuirfear ar a triail amárach bean 42 bliain d’aois as Carna a bhfuil sé curtha ina leith gur ghoid sí beagnach €31,000 ó bhanc i gcathair na Gaillimhe deich mbliana ó shin.

I gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe inniu, phléadáil Maureen Folan, ar as Carna ó dhúchas di ach a bhfuil seoladh anois aici ag 5 Inis Teampaill, Cionn Locha, Co Liatroma, neamhchiontach sa 17 cúis atá curtha ina leith.

Baineann na cúiseanna sin le goid suimeanna airgid arbh fhiú €30,950 san iomlán iad ó Bhanc-Aontas Éireann (AIB) ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh, idir an 5 Lúnasa 2004 agus an 25 Meitheamh 2005.

Cuirfear tús lena triail tráthnóna amárach.

Beidh giúiré de sheisear ban agus seisear fear i láthair chun fianaise a éisteacht le linn na trialach a cheaptar a mhairfidh dhá lá.

Nuair a liostáladh an cás sa chúirt den chéad uair i mBealtaine na bliana seo caite, tugadh le tuiscint go mbeadh Maureen Folan, máthair ceathrar clainne, ag tabhairt a fianaise i nGaeilge agus bhí ateangaire i láthair sa chúirt inniu.

D’iarr an Breitheamh Rory McCabe ar an ngiúiré imeacht inniu agus a machnamh a dhéanamh ar an gcás roimh fhilleadh dóibh amárach.

Tá an cás le tosú amárach ag 2 pm, ach thug an Breitheamh le fios don ghiúiré go gcuirfí ar an eolas iad dá dtiocfadh aon athrú ar an scéal.