Bean a d’aimsigh litir as Meiriceá i mbuidéal i nGaeltacht Dhún na nGall á lorg

Chaith daltaí scoile in New Jersey buidéal an duine isteach san Atlantach agus bhain ceann acu trá na Carraige Finne i nGaeltacht Dhún na nGall amach

Bean a d’aimsigh litir as Meiriceá i mbuidéal i nGaeltacht Dhún na nGall á lorg

Táthar sa tóir ar bhean a d’aimsigh litir i mbuidéal a tháinig i dtír ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Dhún na nGall.

Chaith daltaí scoile ón Rancocas Friends School in New Jersey sna Stáit Aontaithe buidéal an duine isteach san Atlantach agus teachtaireacht phearsanta i ngach aon cheann acu.

Ba as an gCarraig Fhinn a tháinig an freagra a tugadh ar cheann de na litreacha a caitheadh san fharraige i ndiaidh di teacht i dtír ar thrá na Carraige Finne i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt príomhoide na scoile gurb í Margaret Gillespie ‘ó Dhún na nGall in Éirinn’ a scríobh an freagra ar an litir a aimsíodh ag deireadh na míosa seo caite.

Ní fios, áfach, cé hí an Margaret Gillespie atá i gceist. Níl an bhean a d’aimsigh an buidéal aimsithe go fóill ag muintir na háite ar an gCarraig Fhinn, cé go bhfuiltear tar éis gach uile dhuine de mhuintir Mhic Ghiolla Easpaig sa cheantar a cheistiú.

Tá an nuachtán áitiúil, The Donegal Daily, anois ag impí ar Margaret Gillespie dul i dteagmháil leosan ionas go mbeifear in ann í a chur i dteagmháil leis na daltaí scoile ar an dtaobh eile den Atlantach.

Tá daltaí Rancocas Friends School ag caitheamh buidéal san fharraige le beagnach tríocha bliain anuas. Roimhe seo, ní dheachaigh aon bhuidéal níos faide ná Sandy Hook, i dtuaisceart an Stáit, agus ba é buidéal Lila Rose Lepore, atá ceithre bliana d’aois, an chéad bhuidéal a thrasnaigh an Atlantach go hÉirinn.

Dúirt Dunfee go “mba gheall le fíorú aislinge”  go ndeachaigh an buidéal “i bhfad i bhfad i gcéin” agus nach raibh aon súil ag lucht na scoile go mbainfeadh sé an tír seo amach.

Fág freagra ar 'Bean a d’aimsigh litir as Meiriceá i mbuidéal i nGaeltacht Dhún na nGall á lorg'