Béal Feirste agus the Marginal IRA, the Not Ready for Prime Time IRA, the Mother’s Own IRA…

Tá mórán buanna ag Lionel Shriver mar scríbhneoir. Cleachtann sí prós solasmhar; tig léi bheith greannmhar agus searbh agus is éachtach an léargas a thugann sí ar shíceolaíocht an duine agus ar chultúr ár linne

Béal Feirste agus the Marginal IRA, the Not Ready for Prime Time IRA, the Mother’s Own IRA…

Bhí post deonach iriseoireachta agam, fad saoil ó shin, le hiris bheag i mBéal Feirste. Ní raibh mórán deiseanna scríbhneoireachta le fáil an t-am sin i mBéal Feirste na mbuamaí agus na bpiléar ag ábhar údair agus iriseora. Bhí foireann bheag sheasta ag an iris féin agus mórán daoine cosúil liomsa a chuir ailt ar fáil go deonach nó a léigh profaí.

Bhí an iris suite in oifigí beaga faoi cheantar na hollscoile agus ní raibh maise ró-iontach orthu. Mar sin féin, ba é ár gceanncheathrú é agus chuaigh rómáns seanchaite na háite go mór i bhfeidhm ormsa. Casadh daoine orm an t-am sin atá mar chairde go fóill agam agus casadh daoine eile orm nár chuir mé aithne mhaith orthu ar chor ar bith de bharr go raibh mé chomh cúthail sin.

Thagadh mórán eachtrannach isteach, cuid mhór acu ar lorg eolais faoi na Trioblóidí agus cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt. Bhí cuid acu thar a bheith dáiríre agus iad ag cur ceisteanna tromchúiseacha ar shaoistí na hirise. Thagadh bean amháin isteach go minic, Poncánach mná, í gléasta go néata. Murab ionann agus mórán eile, bhí an bhean seo an-chiúin, múinte, discréideach. Chaitheadh sí seaicéad donn leathair, labhraíodh sí go ciúin leis an Eagarthóir agus chluinfeá gáire agus an comhrá ar siúl aici leis. Níor chuir mise forrán uirthi riamh – luaigh mé go raibh mé cúthail? – ach chuir ceist ar chomrádaí cérbh í. “Scríbhneoir as Meiriceá,” an freagra a tugadh.

Bhuel, níor chuala mise iomrá uirthi riamh ach ní raibh mé eolach ar scríbhneoireacht chomhaimseartha Bhéarla Mheiriceá. Mar sin féin, bhí meas ag lucht na hirise uirthi agus fáilte acu roimpi. Oiread chéanna leis an chuid eile againn, bhí sí beo ar an bheagán, beo ar cibé cén chnámh bheag a bhí le fáil i mBéal Feirste gortach ár linne.

D’imigh an t-am agus d’imigh an scríbhneoir Meiriceánach go Londain. Fuair mise post – le tuarastal – agus níor smaointigh mé uirthi arís – go dtí tús na 2000í nó foilsíodh úrscéal dá cuid – We Need To Talk About Kevin. Bhí an scríbhneoir sin as Meiriceá, Lionel Shriver, i mbéal an phobail as úrscéal a chur síos ar ghunnachultúr a tíre féin. Bhain an leabhar ardmholadh agus gradam amach. Bhí toradh ar a cuid oibre, ar a dílseacht dháigh don fhocal scríofa.

Tá Béal Feirste le fáil ina leabhar nua, Property: a collection (The Borough Press). Cnuasach scéalta atá sa leabhar, suite in Éirinn, i Meiriceá, sa Bhreatain – agus nóibhille atá mar thús agus mar chríoch ann. Tá scéal Bhéal Feirste – The Subletter – ag deireadh an leabhair. Éiríonn léi an chathair sin, an foréigean, an grá agus an ghruaim agus éad bídeach na linne a athchruthú. Beirt bhan Mheiriceánacha ag troid mar gheall ar an chathair, ag éirí seilbh a ghlacadh uirthi de bharr go dtugann an chathair stádas de chineál inteacht dóibh, iad chomh borb ina n-iompar faoi úinéireacht na sráideanna agus a bhíonn an pobal áitiúil: “Then there’s your friends. All they talked about for hours on end was whether the U-FDA was an illegal offshoot of the U-PLO, the U-NCAA or the U-NAACP, or whether some poor schmuck got his knees shot off by the Provisional IRA, the Marginal IRA, the Not Ready for Prime Time IRA, the Mother’s Own IRA, or the Really, Truly, Absolutely the Genuine Article IRA.”

Fíor, fíor agus fíor!

Scéal ar dóigh atá ann, scéal ar dóigh i measc raon scéalta ar dóigh. Cuireann an chéad nóibhille sa chnuasach, The Standing Chandelier, síos ar chaidreamh casta grá idir beirt bhan agus an fear. Tránn agus líonann mothúcháin an triúir an scéal; meileann caidreamh buan beirte faoi ionsaí an éada agus imíonn ina smidiríní sa deireadh. Is truacánta an chríoch atá ar an scéal ach is é atá réalaíoch: “She just wants to keep her scalp.”

Teideal thar a bheith dúrúnda atá ann mar ‘property’. Maoin atá i gceist, úinéireacht, seilbh, saint. Lúbann ‘property’ meon an duine as riocht, bíodh seilbh duine nó seilbh tí i gceist. Santaíonn muid úinéireacht a fháil ar dhaoine – is liomsa é; ní leatsa í – agus déanann muid dia beag den teach féin. Aithneoidh mórán léitheoirí an fhírinne shearbh sa scéal, ‘Repossession’, scéal faoi theach a cheannach, seilbh a fháil ar charn brící agus ar fhís nár fíoraíodh, ach, ach ach … an mbíonn an ceannaí i seilbh an tí nó an i seilbh an tí a bhíonn an ceannaí?

Tá mórán buanna ag Shriver mar scríbhneoir. Cleachtann sí prós solasmhar; tig léi bheith greannmhar agus searbh agus is éachtach an léargas a thugann sí ar shíceolaíocht an duine agus ar chultúr ár linne. Thairis sin ar fad, tháinig a hanam agus a colainn slán as Béal Feirste. Ní beag sin.

Fág freagra ar 'Béal Feirste agus the Marginal IRA, the Not Ready for Prime Time IRA, the Mother’s Own IRA…'