Béal an Mhuirthead ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an gCnoc Mór

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo amárach agus Béal an Mhuirthead ag dul chun páirce agus is inniu a chuirfidh Cloich Cheann Fhaola tús lena bhfeachtas i gCraobh Uladh

Béal an Mhuirthead ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an gCnoc Mór

Maigh Eo

Dé Domhnaigh, an 21 Samhain
Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Béal an Mhuirthead v An Cnoc Mór – Béal an Átha, 1.30pm

Dhá scór bliain tar éis dóibh imirt i gcluiche ceannais sinsir den uair dheireanach, tá fir Bhéal an Mhuirthead arís sa tóir ar Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo. An Garraí Mór a fuair an ceann is fearr ar chumann na Gaeltachta i 1981 agus beidh orthu an Cnoc Mór, curaidh na bliana seo caite, a chloí más leo Corn Paddy Moclair a thabhairt go ceantar Iorrais den chéad uair riamh.

Ní hí foireann Bhéal an Mhuirthead rogha na coitiantachta don chluiche ceannais ach ní haon nuacht sin do na himreoirí i mbliana. Is beag duine a chreid ag tús na craoibhe go mbeadh siad fós ann lá an chluiche ceannais agus praghas 80/1 a bhí le fáil go n-éireodh leo an chraobh uile a bhaint.

Ó shin, áfach, tá daoine ar a n-airdeall faoi ghaiscí na foirne. Thosaigh sin le bua in aghaidh an Chnoic Mhóir i mbabhtaí na ngrúpaí ag tús mhí Dheireadh Fómhair, cúil Dhaithí Cosgrove ag thug bua 2-4 in aghaidh 1-4 do Bhéal an Mhuirthead.

Chríochnaigh fir na Gaeltachta ar bharr ghrúpa 2 ach measadh go mbeadh deireadh leo nuair a chas Aidan O’Shea agus a chairde ó Bhréachmhaigh orthu sna babhtaí ceathrú ceannais. Ní raibh, agus bua trí phointe eile ag Béal an Mhuirthead, 2-5 in aghaidh 0-8.

Bhí Cathair na Mart á lua ar an bhfoireann ab fhearr i Maigh Eo i mbliana ach, uair amháin eile, is iad fir Bhéal an Mhuirthead a bhí chun cinn sna babhtaí leathcheannais, 2-7 in aghaidh 0-9.

Ní bheadh na cosa tugtha leo ag Béal an Mhuirthead go dtí seo murach dhá bhua atá acu – cosantóirí tréana agus sár-imirt Ryan O’Donoghue.

Ba mhór an buille do Bhéal an Mhuirthead anuraidh gur aistrigh iarimreoir Mhaigh Eo, Chris Barrett go dtí Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag obair, ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil aon easpa cosantóirí orthu dá uireasa. Níl ach dhá chúl géillte ag Béal an Mhuirthead sna cúig chluiche a d’imir siad go dtí seo. Tá Eoin O’Donoghue ar fheabhas mar leathchúlaí láir agus tá leithéidí Colin Barrett, Shea O’Donoghue agus Owen McHale ag seasamh an fhóid go tréan.

Ar an taobh eile den pháirc, níl aon amhras ach gurb é Ryan O’Donoghue sárimreoir na craoibhe go dtí seo. Den 9-31 atá scóráilte ag Béal an Mhuirthead sna cúig chluiche sin, tá 2-21 faighte ag O’Donoghue, nach mór 60% de na scóranna. Tá a fhios ag gach duine go bhfuil an fhoireann ag brath go mór air ach níor éirigh le haon duine é a stopadh go dtí seo. Lee Keegan a bhí á mharcáil sa chluiche leathcheannais agus cé gur éirigh maith go leor leis, d’éirigh le O’Donoghue 1-5 a scóráil. Is é a scóráil an cúl cinniúnach in aghaidh Bhréachmhaí sna babhtaí ceathrú ceannais freisin agus aon uair a raibh gaisce ag teastáil ó Bhéal an Mhuirthead, rinne O’Donoghue é.

Beidh gaisce eile ag teastáil más le fir na Gaeltachta Kevin McLoughlin agus foireann láidir an Chnoic Mhóir a shárú ach ní chuirfinn tharstu é.

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 20 Samhain
Craobh Idirmheánach Peile Uladh
Cloich Cheann Fhaola v Brian Óg, Baile Stíl – Páirc Uí Dhomhnaill, 1.30pm

Cuirfear an ceiliúradh ar a mbua i gCraobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall ar leataobh ar feadh tamaill agus Cloich Cheann Fhaola ag cur tús lena bhfeachtas i gCraobh Uladh inniu. Is in aghaidh sheaimpíní Dhoire, Brian Óg, Baile Stíl, atá fir an Fháil Charraigh, sa chéad bhabhta.

Nuair a bhuaigh Cloich Cheann Fhaola an Chraobh Idirmheánach i nDún na nGall an uair dheireanach in 2014, ní raibh ach aon lá amháin acu le réiteach do chluiche i gCraobh Uladh. D’éirigh leo an cluiche sin a bhuachan ach beidh na himreoirí buíoch go bhfuil seachtain acu le fáil réidh don chluiche seo tar éis dóibh an Clochán Liath a bhualadh i gcluiche ceannais athimeartha Dé Sathairn seo caite.

Go dtí na babhtaí leathcheannais i gcraobh an chúige a chuaigh Cloich Cheann Fhaola seacht mbliana ó shin agus beidh fonn orthu dul céim níos faide i mbliana agus craobh an chontae bainte arís acu faoi dheireadh.

Tá cosúlachtaí idir Cloich Cheann Fhaola agus Baile Stíl. D’éirigh le foireann Dhoire craobh an chontae a bhaint i mbliana tar éis dóibh roinnt cluichí ceannais a chailliúint, ceann na bliana seo caite san áireamh.

Bhí seachtain sa bhreis ag Baile Stíl le teacht chucu féin mar tá coicís ann ó d’imir siadsan a gcluiche ceannais ach má éiríonn leis an imreoir contae Jason McGee dul i fheidhm ar an imirt do Chloich Cheann Fhaola, beidh an-seans acusan bogadh ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Béal an Mhuirthead ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an gCnoc Mór'