Beagnach 80,000 míle duine cláraithe do chúrsa Gàidhlig ar Duolingo

Tugadh seoladh an chúrsa chun cinn ó tharla gurb í seo bliain na dteangacha dúchasacha ag na Náisiúin Aontaithe

Beagnach 80,000 míle duine cláraithe do chúrsa Gàidhlig ar Duolingo

Tá 78,000 duine cláraithe do chúrsa Gàidhlig na hAlban ar Duolingo ó seoladh an cúrsa  nua an tseachtain seo caite, de réir an eolais is déanaí atá curtha ar fáil ag Duolingo.

Tá titim mhór tagtha ar líon na ndaoine a mhaígh go raibh Gàidhlig acu in Albain sna daonáirimh is deireanaí.

57,375 duine a dúirt go raibh cumas labhartha na Gàidhlig acu in 2011 agus 87,100 a mhaígh go raibh ‘cumas éigin’ sa teanga acu.

Dúirt Colin Watkins, bainisteoir na Breataine do Duolingo go raibh sé “dochreidte” go raibh níos mó daoine ag foghlaim Gàidhlig ar an aip anois ná mar a bhí cainteoirí Gàidhlig ann.

Dúirt sé go raibh “tábhacht ar leith” leis seo ó tharla gurb í seo bliain na dteangacha dúchasacha ag na Náisiúin Aontaithe.

Thagair sé freisin do roinnt de mhórphearsana na hAlban atá ag tabhairt faoin chúrsa ar an aip teanga, ina measc an t-amhránaí agus láithreoir teilifíse, Michelle McManus agus an fuirseoir Sanjeev Kholi.

Dúirt Watkins go raibh sé ag súil go gcuideoidh an cúrsa le daoine “tuiscint a fháil, ar a laghad” ar logainmneacha agus comharthaí bóthair na hAlban.

Ailtire as Glaschú Màrtainn Mac a’ Bhàillidh, príomhoide bunscoile Ciaran Iòsaph MacAonghais as an Gearasdan, Iagan MacAonghais, múinteoir méanscoile as Èirisgeigh agus Joanne McLennan, mac léinn ollscoile as Beinn na Faoghla atá le cloisteáil i mbun na Gàidhlig ar an aip teanga.

Ní raibh sé i gceist an cúrsa a sheoladh go dtí an bhliain seo chugainn ach tugadh chun cinn é ó tharla gurb í seo bliain na dteangacha dúchasacha ag an Náisiúin Aontaithe.

Tá 94 cúrsa in 38 teanga ar fáil ar Duolingo agus déantar 15 milliún ceacht teanga sa lá.

Is féidir aip Duolingo a bhfuil na cúrsaí teanga ar fad ar fáil ann a íoslódáil saor in aisce.

Fág freagra ar 'Beagnach 80,000 míle duine cláraithe do chúrsa Gàidhlig ar Duolingo'

  • Anna NI Fiannusa

    Nach bhfuil sé sin go hiontach ar fad, go bhfuil an méad sin suim sa chúrsa Gaidhlig. Ní fheadar an mó daoine atá taréis cur isteach ar an gcúrsa Gaeilge againne?