Beagnach 650 litir Gaeilge chuig Santaí faighte ag Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua i mbliana

Tá níos mó litreacha ná riamh tagtha tríd Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua ar a mbealach chuig an Mol Thuaidh i mbliana, a deir Tuismitheoirí na Gaeltachta, atá ag obair i gcomhar leis na heilfeanna chun na litreacha a chur go ceann scríbe

solated on White Background.

Tá “ag éirí thar cionn” leis an gcomhoibriú atá ar bun idir Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua agus an Mol Thuaidh arís i mbliana, dar le Tuismitheoirí na Gaeltachta, atá ag cabhrú le litreacha ó ghasúir le Gaeilge a chur chuig Santaí.

Fágadh bosca speisialta in ionad na heagraíochta ar an gCeathrú Rua agus bhí deis ag gasúir a gcuid litreacha a chur síos ann. Cuireadh na litreacha a tháinig sa phost sa bhosca freisin. Tuigtear do Tuairisc.ie gur tháinig Santaí é féin nó eilf a bhíonn ag obair dó chun na litreacha sa bhosca a bhailiú gach uile oíche le roinnt seachtainí anuas.

Tuigtear freisin do Tuairisc.ie go mbíonn lámh nach beag ag bean an tí (Mrs Claus, mar a thugtar uirthi), a bhíonn ag breathnú i ndiaidh na litreacha Gaeilge, sa scéal. Thug duine d’eilfeanna sinsearacha na Ceathrún Rua le fios do Tuairisc.ie go léann Mrs Claus agus a fear céile na litreacha le chéile agus go dtugann sí cúnamh dó iad a fhreagairt.

Dúirt Ard-Eilf na Ceathrún Rua le Tuairisc.ie gur tháinig beagnach 650 litir – méadú ar líon na litreacha a fuarthas nuair a cuireadh an tseirbhís ar bun anuraidh – go dtí Conamara i mbliana.

“Tá litreacha tagtha as Tír Chonaill, Maigh Eo, Corca Dhuibhne, Ráth Chairn agus an Rinn. Maidir leis an gcuid eile den tír, tá litreacha tagtha as Contaetha Bhaile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Tír Eoghain, Laois, Lú, an Mhí, Corcaigh, Longfort, Cill Dara agus an Iarmhí!

“Chuaigh bean a’ tí ag obair ar na litreacha i gcomhar le heilfeanna Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil ar chumas Santaí iad a fhreagairt sna canúintí éagsúla. Is léir go bhfuil Gaeil bheaga thar lear freisin, mar tá litreacha tagtha ó Mheiriceá, an Bhruiséil, Ceanada, an Bhreatain, an Astráil agus an Fhionlainn!” a dúirt an Ard-Eilf.

Dúirt sí freisin go mbeidh ualach mór oibre ar Shantaí agus Mrs Claus mar gheall ar líon mór na litreacha atá tagtha agus go mb’fhéidir go mbeadh moill bheag orthu á bhfreagairt agus iad ag ullmhú d’Oíche Nollag – an oíche is gnóthaí sa bhliain acu.

Ní mór do na gasúir a bheith foighdeach agus iad ag fanacht le litir phearsanta ó Shantaí, ach tabharfar freagra ar gach uile cheann acu, a dúirt Ard-Eilf Santaí.

Fág freagra ar 'Beagnach 650 litir Gaeilge chuig Santaí faighte ag Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua i mbliana'