Beagnach 3,500 ainm le hachainí Seanadóra a seoladh chuig Banc na hÉireann inniu

Thosaigh Aodhán Ó Ríordáin achainí ar líne an tseachtain seo caite le cur in aghaidh chinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc

Beagnach 3,500 ainm le hachainí Seanadóra a seoladh chuig Banc na hÉireann inniu

Tá an achainí a thosaigh an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin an tseachtain seo caite ina n-éilítear ar Bhanc na hÉireann gan deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc seolta ag fear Pháirtí an Lucht Oibre.

Scaip Ó Ríordáin físeán inniu ar na meáin shóisialta de féin agus clúdach mór litreach á chur i mbosca poist aige, agus ghabh sé buíochas leis an daoine uilig a chuir a n-ainm leis an achainí.

Tá an achainí ar líne fós oscailte ach beagán faoi 3,500 duine a bhí tar éis a n-ainm a chur leis nuair a chuir Ó Ríordáin leagan clóite de sa phost inniu.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hachan duine a chabhraigh liom an achainí seo a chur le chéile, tá muid ag iarraidh go mbeadh an rogha Ghaeilge fágtha ar na ATMs anseo ag Banc na hÉireann,” a dúirt sé san fhíseán gearr.

Thug sé le fios freisin go dtabharfar cuireadh d’ionadaithe ó Bhanc na hÉireann teacht os comhair Coiste Oireachtais leis an gcinneadh deireadh a chur leis an rogha a mhíniú.

Agus tús á cur aige leis an achainí ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Ó Ríordáin go raibh “an-díomá” air faoin gcinneadh agus gur léiriú é ar an easpa suime a chuireann an banc i ndaoine “a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht”.

“Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón daonáireamh go labhraíonn 190,276 duine an Ghaeilge ar bhonn seachtainiúil. Is bealach éasca é chun an Ghaeilge a chur i do shaol laethúil an cineál sin rogha a bheith ag duine.

“Is beag costas a chuirfí ar Bhanc na hÉireann an cinneadh seo a chur ar ceal, ach is gníomh mór siombalach a bheadh ann do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre,” a dúirt sé.

Ní hé Ó Ríordáin an t-aon pholaiteoir atá tar éis cinneadh Bhanc na hÉireann a cháineadh. Dúirt Éamon Ó Cuív, teachta Dála de chuid  Fhianna Fáil, gur “léir nach bhfuil spéis ag Banc na hÉireann i lucht labhartha na Gaeilge”.

Tá polaiteoirí de chuid Shinn Féin, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada agus an Teachta Dála Peadar Tóibín, tar éis an cinneadh a cháineadh freisin. Dúirt Ní Riada go raibh an cinneadh “náireach agus mícheart” agus d’iarr ar chainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge, agus an tseachtain seo caite mhol Tóibín picéad a chur ar chraobhacha de Bhanc na hÉireann.

Dúirt Tóibín gur “céim siar agus léiriú dímheasa” ar an nGaeilge atá sa chinneadh agus gurb é “an rud is lú” a d’fhéadfadh an banc a dhéanamh rogha teanga a thabhairt do shaoránaigh an Stáit “a tháinig i gcabhair orthu”.

Fág freagra ar 'Beagnach 3,500 ainm le hachainí Seanadóra a seoladh chuig Banc na hÉireann inniu'

  • Eoghan o neill

    Ba chóir ní amháin rogha english/gaelig ach polski, deutsch, français, español,portugués etc. fosta. Murach sin is léir gur polasaí english-only atá ag na bancanna
    .

  • An Rógaire

    An molfaidh Ó Ríordáin dá pháirtí bille a réiteach a leagadh dualgas ar na hinstitiúidí airgeadais ar fad seirbhísí a sholáthar sa dá theanga oifigiúil?

  • Mánus

    Tá an cheist seo i bhfad níos leithne ná Bank of Ireland. Cad faoi Allied Irish Banks, Ulster Bank agus Permanent TSB?
    Ní stát dátheangach é Deisceart Éireann in aon bhealach. Sa Québec ni amháin go mbíonn rogha teangacha ar an scáileán ach tá tú in ann labhairt leis an maisín baincéireachta i bhFraincis nó Béarla má cheanglaíonn tú cluasán leis an maisín. Rogha leathan teangacha a bhíonn sna maisíní baincéireachta ins an Bhruiséil (cathair fíordhátheangach).
    Nach féidir linn Gaeilge a chur ar ATM. Curim i gcás UMB “uathmheaisín bainc” (téarma.ie) nó MB “maisín baincéireachta” (téarma nádúrtha Phiarais Uí Dhochartaigh a d’úsáid sé ar RnaG).

  • Seán Mag Leannáin

    N’fheadar an bhfuil uisce faoi thalamh ag baint leis an scéal seo? Déarfainn go bhfuil tuilleadh taobh thiar de ná ar nocht an Banc faoi. An raibh an rogha Gaeilge le fáil ar na hATMs ó thuaidh? Tá sé suimiúil gur bhain Sammy Wilson MP úsáid as cinneadh an Bhainc chun tacú le seasamh an DUP cur in aghaidh Acht Gaeilge sa Tuaisceart. Arsa sé (ar Morning Ireland): “It’s a failing language in your own country, the Bank of Ireland has stopped using it in ATM machines. It’s an indication, despite the money that you’ve spent promoting the Irish language in your own country, that it’s in decline.”
    Fiú más fíor é nár ghlac ach níos lú ná 1% úsáid as an rogha Gaeilge ar na hATMs ní údar maith é sin le deireadh a chur leis. Más féidir leis na hollchomhlachtaí idirnáisiúnta ar nós Facebook agus Google rogha Gaeilge a thabhairt dá gcuid custaiméirí – rogha nach nglactar leis ach ag céadtadán fíor-bhéag (níos lú ná .1%!) – cén fáth nach bhfuil comhlacht atá in ainm is a bheith ina chomhlacht Éireannach in ann an rud céanna a dhéanamh dá gcuid custaiméirí?

  • Braoin

    Is bocht an scéal é ach bhí an béarla éigeantach ann i bhfad siar. Déan iarracht teagmháil a dhéanamh le ranna stáit agus an Ghaeilge a labhairt agus ní fada go bhfeicfidh tú an béarla éigeantach céanna. Tá na bancanna ag tarraingt siar ó chabhair ar bith a thabhairt dá gcuid custaiméirí, feictear domsa. Caitheann tú a bheith inniúlach agus do thrust a chur i meaisín uathoibríoch má bhíonn tú ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh… na rudaí céanna a mbíodh an té ag an gcuntar breá sásta cabhrú leat a dhéanamh na blianta beaga siar ó shin. Ní haon ionadh ar bith é go dtarraingeofaí siar an rogha Gaeilge… seirbhís eile é sin as measc na seirbhísí eile dá gcuid atá ag imeacht ó na custaiméirí.