Beagnach 20% den phobal ó dheas a lorg seirbhís trí Ghaeilge ón stát

Tugtar léargas i bpobalbhreith náisiúnta nua ar líon na ndaoine ar mian leo go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge agus iad ag plé leis an stát

Beagnach 20% den phobal ó dheas a lorg seirbhís trí Ghaeilge ón stát

Duine as gach cúigear ó dheas a lorg seirbhísí trí Ghaeilge ón stát nó ó chomhlacht poiblí, de réir pobalbhreithe nua.

Tugtar léargas sa suirbhé, a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, ar líon na ndaoine ar mian leo go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge agus iad ag plé leis an stát.

Dúirt 19% den phobal ó dheas gur iarr siad seirbhísí trí Ghaeilge ón stát nó ó chomhlacht seirbhíse poiblí. Ardú beag a bhí ansin ar an 17% a dúirt amhlaidh nuair a cuireadh an cheist chéanna in 2019.

I suirbhé na bliana seo, dúirt 64%, beirt as gach triúr, nach raibh seirbhísí trí Ghaeilge lorgtha riamh acu ón stát. 17% a dúirt nach raibh a fhios acu nó nár fhreagair an cheist.

An comhlacht taighde margaíochta Kantar a rinne an phobalbhreith do Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go léiríonn torthaí na pobalbhreithe an t-éileamh atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus a thábhachtaí atá sé go gcuirfí na spriocanna atá luaite sa reachtaíocht teanga nua i bhfeidhm gan mhoill.

“Tá beagnach duine as gach cúigear ó dheas ag rá anseo gur lorg siad seirbhís stáit trí Ghaeilge, rud a dhéanann an cás go maith don dualgas nua reachtúil go mbeadh 20% d’fhostaithe nua an státchórais inniúil ar an Ghaeilge faoi 2030,” a dúirt de Spáinn. 

“Chun sin a bhaint amach is gá an t-infreastruchtúr oiliúna agus tacaíochta a chur i bhfeidhm láithreach bonn, chun go mbeidh muid ábalta freastal ar an éileamh.” Chuige sin, ba chóir don Rialtas polasaí oideachais don Ghaeilge sa chóras oideachais ó dheas, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, a fhorbairt gan a thuilleadh moille,” a deir de Spáinn.

“Agus ar ndóigh beidh éileamh níos mó arís ar sheirbhísí stáit ó thuaidh le teacht isteach na reachtaíochta Gaeilge nua agus nuair a chuirtear na caighdeáin teanga i bhfeidhm, rud a bhfuil muid ag súil leis go luath san fhómhar.”

Léirigh suirbhé na bliana seo caite go raibh formhór mór an phobail ar son seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge agus 73% den phobal den tuairim gur cheart don Stát seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu.

Bhí caighdeán agus líon na seirbhísí stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach sa díospóireacht a bhí ann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú.

Faoin reachtaíocht nua, a ritheadh ag deireadh na bliana seo caite, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freastal i nGaeilge ar mhuintir na Gaeltachta, bíodh lucht soláthar na seirbhísí lonnaithe sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di. Níl aon spriocdháta cinnte luaite leis an gcuspóir sin, áfach. Is é príomhsprioc na reachtaíochta gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Bhí an easpa eolais agus seirbhísí a cuireadh ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime Covid-19 ina cnámh spairne ag pobal na Gaeilge freisin agus rinneadh cáineadh géar ar na seirbhísí sláinte as a dteip.

Cuireadh an cheist chéanna maidir le soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge ar phobal Thuaisceart Éireann agus 11%, duine as gach deichniúr, a dúirt gur lorg seirbhís i nGaeilge ón stát. Méadú suntasach a bhí ansin ar an 5% a dúirt amhlaidh in 2019. 

Tá sraith scéalta faoi phríomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á foilsiú go heisiach ag Tuairisc an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Beagnach 20% den phobal ó dheas a lorg seirbhís trí Ghaeilge ón stát'