Beagán níos lú ná mí fágtha le cur isteach ar Aonach Tailteann 2017

Beidh an comórtas idirGhaeltachta á reáchtáil i gConamara agus i nGaoth Dobhair mí Lúnasa

Beagán níos lú ná mí fágtha le cur isteach ar Aonach Tailteann 2017

Tá beagán níos lú ná mí fágtha ag muintir na Gaeltachta, idir pháistí agus dhaoine fásta, le cur isteach ar an gcomórtas nua idirGhaeltachta Aonach Tailteann a bheidh á reáchtáil den chéad uair i mbliana.

Glacfar le hiarratais ar na comórtais lúthchleasaíochta, snámha agus cluichí dúchais go dtí an 28 Iúil. Tá beagán le cois seachtaine ag iarrthóirí ar mhaith leo cur isteach ar na comórtais litríochta, filíochta agus ealaíon — glacfar le hiarratais ar na comórtais sin go dtí an 7 Iúil.

Seoladh Aonach Tailteann in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc an mhí seo caite agus beidh trí lá de chomórtais ar siúl mí Lúnasa in Indreabhán agus i nGaoth Dobhair.

Comórtas idirGhaeltachta atá i gceist agus beidh dhá bhabhta cáilithe, sa dá cheantar Gaeltachta, ann ag tús mhí Lúnasa agus beidh an babhta ceannais in Indreabhán ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh os cionn 30 comórtas ar fad ag an Aonach agus na comórtais sin in dhá mhór-réimse — an spórt agus na healaíona. Beidh rásaí snámha farraige, comórtais lúthchleasaíochta, amhránaíocht ar an sean-nós agus lúibíní i measc na gcomórtas sin.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh an Aonaigh, www.tailteann.ie.

Reáchtálfar babhta cáilithe Chonamara an Aonaigh ar an 5 Lúnasa in Indreabhán, agus is i nGaoth Dobhair a reáchtálfar babhta cáilithe Thír Chonaill ar an 7 Lúnasa. Tiocfaidh buaiteoirí bhabhta Ghaoth Dobhair aduaidh go hIndreabhán trí seachtaine ina dhiaidh sin, le haghaidh a thabhairt ar bhuaiteoirí Chonamara sa chomórtas ceannais.

Dúirt duine de bhunaitheoirí Aonach Tailteann, Maitiú Ó Coimín, gur socraíodh ar an gcomórtas a eagrú le “hardú meanman a thabhairt do phobal na Gaeltachta, le nascanna a chruthú idir na ceantair éagsúla, agus ardán a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a mbuanna a chur os comhair a bpobal”.

Tá súil ag lucht a eagraithe iomaitheoirí ó gach ceantar Gaeltachta a mhealladh chuig an gcomórtas agus iad ag súil go mbeidh “coimhlint cheart iomaíoch” ann idir ionadaithe na gceantar éagsúil.

Tá feachtas poiblíochta ar bun ag foireann Aonach Tailteann le tamall de sheachtainí anuas, ó seoladh an comórtas i Ros Muc i mí Bhealtaine. Tá aird na meán i Stáit Aontaithe Mheiriceá tarraingthe ag an bhfíseán poiblíochta do bhabhta ceantair.

Fág freagra ar 'Beagán níos lú ná mí fágtha le cur isteach ar Aonach Tailteann 2017'

  • Mánus

    Féile eile bunaithe ar an “Ghaeltacht oifigiúil” ar theorannacha nach bhfuil brí ar bith leo ach a rinne an t-aire Lindsay a leagan amach go ciniciúil ag tús na 1950daí. Féile eile lán le Béarla ar nós an Comórtas Peile agus an tOireachtas a bheidh ann.