Beag suim ag Éireannaigh ‘mhídhleathacha’ i bhfaoiseamh Obama

Ní thabharfaidh beart Obama mórán Éireannach ón gcúlshráid i Meiriceá

Barack_Obama

Is cosúil nach mbeidh mórán de bhuntáiste ag muintir na hÉireann atá ina gcónaí go mídhleathach sna Stáit Aontaithe as an bhfaoiseamh atá fógraithe ag an Uachtarán Obama.

Dúirt an tAthair Seán Mac Cárthaigh, sagart atá ag obair imeasc na n-imirceoirí Éireannacha sna Stáit Aontaithe in oirthuaisceart Mheiriceá, go gcaithfear coinneáil leis an iarracht le faoiseamh a thabhairt do leathchéad míle Éireannach – agus na milliúin as tíortha eile – atá gan stádas dleathach i Meiricea.

I mBoston atá an tAthair Mac Cárthaigh lonnaithe agus dúirt sé nach bhfuil spéis mhór léirithe ag na hÉireannaigh sa bhfógra a rinne an tUacharán Obama ag teannadh le deireadh na bliana seo caite. “Tá trí sheisiún eolais eagraithe againne – an Irish Pastoral Centre i mBoston – i gcomhar le hIonad Imirceoirí na hÉireann i mBoston agus níl mórán daoine ag teacht; is é an scéal céanna é i gcathracha eile i Meiriceá”.

“Socrú ceart” ar an dlí inimirce i Meiriceá an t-aon leigheas atá ar an bhfadhb agus deir go mbeifear “ag déanamh cosán dearg go Washington arís i 2015” d’fhonn leigheas a fháil ar an scéal.

Creideann an tAthair Mac Cárthaigh, duine de bheirt shagart atá ag Cliarfhlathas na hÉireann i measc na n-imirceach i Meiriceá, go bhfuil na teorainneacha atá leagtha síos le fógra an Uachtaráin Obama róghéar.

“Tá imní ar dhaoine a bheadh taobh istigh de na téarmaí féin go mbeadh go leor anonn agus anall ag baint leis an gcóras agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mairfidh an faoiseamh atá á thairiscint thar thrí bliana”.

D’fhógair an tUachtarán i mí na Samhna go bhféadfadh daoine a raibh cúig bliana, ar a laghad, caite acu go mídhleathach sna Stáit Aonataithe agus a raibh gasúir acu a rugadh i Meiriceá cur isteach ar chead cónaithe agus oibre sa tír.

Ach bheadh orthu fianaise a chur ar fáil go rabhadar an t-achar sin i Meiriceá, go raibh na cánacha íoctha acu agus bheadh orthu suim airgid a íoc mar chineál fíneáil. Ordú Uachtaránachta a bhí ann agus feidhm trí bliana a bheadh leis.

“Ar an gcéad iarraidh, tá go leor daoine ann nach bhfuil gasúir acu agus tá siadsan as an áireamh. Ach an dream a bhfuil na cáilíochtaí acu i dtaobh blianta agus gasúir, tá go leor acusan amhrasach faoin gcóras freisin. Tá imní orthu a theacht go poiblí chuig na húdaráis”.

Dúirt an tAthair Mac Cárthaigh freisin go bhfuil an teorainn trí bliana ag cur imní ar dhaoine mar go gceapann siad go bhféadfadh Uachtarán éigin eile “deireadh a chur leis an socrú agus go mbeidís ar an trá fholamh uilig”.

Cé go raibh caint ann go dtiocfadh os cionn 4 mhilliún duine slán ó mhairg an tsaoil mhídhleataigh de bharr fógra an Uachtaráin, creideann an tAthair Mac Cárthaigh agus a chomhghleacaithe nach mbainfidh cuid den líon sin aon tairbhe as.

“Tá rud eile ann – fiú agus má thagann tú i dtír ar an socrú seo, ní bheidh saorchead taistil agat abhaile go hÉirinn agus mura n-athraitear é sin, tá go leor den mhaith bainte as an scéim ar an bpointe,” a deir an tAthair Mac Cárthaigh.

 

Fág freagra ar 'Beag suim ag Éireannaigh ‘mhídhleathacha’ i bhfaoiseamh Obama'