Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP

Tá ordú cúirte tugtha do Stormont an dlí a chomhlíonadh i dtaca le scéim chúitimh d’íobartaigh taobh istigh de sheachtain

Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP

An ceathrú lá de Mhárta 1972, é ag druidim le 4.30 tráthnóna.

Satharn a bhí ann, sráideanna Bhéal Feirste plódaithe le daoine a bhí ag iarraidh scíth a ligean tar éis a bheith ag siopadóireacht. Bhí Jennifer McNern, 21, agus a deirfiúr Rosaleen, 22, ina measc. Bhíodar sa tóir ar éadach le haghaidh gúna pósta Rosaleen.

Shocraigh siad go mbeadh caife acu san Abercorn i bPlás an Chaisleáin mar ba nós leo. Bhí scuaine ann agus nuair a bhí siad ar tí bord a fháil, sháraigh beirt bhan comhaois leo féin an scuaine. Fuair na deirfiúracha bord go luath ina dhiaidh sin agus thug siad faoi deara gur fhág an bheirt a sháraigh an scuaine gan aon cheo a ordú.

Taobh istigh de leathuair an chloig réab pléasc an Abercorn as a chéile. Bhí an buama i mála a d’fhág an bheirt nár ordaigh aon rud.

Maraíodh beirt bhan óg Anne Frances Owens, 22, agus Janet Bereen, 21, a bhí ag an mbord ba ghaire do láthair na pléisce. Bhí Jennifer agus Rosaleen McNern ag an gcéad bhord eile agus bhí siad i measc na scórtha a gortaíodh go tubaisteach. Bíonn caint i mBéal Feirste go dtí an lá inniu faoin slad a rinneadh agus na huafáis a chonaic lucht tarrthála sa smionagar. Chaill Rosaleen an dá chois, ceann dá lámha agus ceann dá súile. Chaill Jennifer an dá chois freisin.

Is í Jennifer an bhean a chuaigh chun na hArd-Chúirte i mBéal Feirste an tseachtain seo caite chun athbhreithniú breithiúnach a lorg faoi dhiúltú Oifig an Fheidhmeannais (Oifig Arlene Foster agus Michelle O’Neill) an scéim chúitimh d’íobartaigh na dTrioblóidí a chur i bhfeidhm.

Chuir Westminster an scéim ar bhonn reachtúil agus bhí Stormont in ainm is í a thosú sa Bhealtaine. Dhiúltaigh Michelle O’Neill na socruithe a cheadú mar nach mbeadh daoine a gortaíodh de bharr a ngníomhartha féin i dteideal an chúitimh a dtugtar pinsean air. Bhí Arlene Foster ag tarraingt na gcos freisin mar gur theastaigh uaithi go seasfadh Whitehall an costas.

Thug an Breitheamh McAlinden leadhbairt don mbeirt. Cháin sé seasamh cheannaire an DUP ach ba ar leascheannaire Shinn Fein ba mhó a fuair sé locht. Rialaigh sé gur dhiúltaigh Oifig an Fheidhmeannais ‘in aon turas agus go mídhleathach’ an scéim chúitimh d’íobartaigh a chur i bhfeidhm.

‘Deargsheafóid’ ab ea an maíomh go raibh sé ceadmhach moill a chur ar an scéim ‘ar chúiseanna polaitiúla’, a dúirt an Breitheamh.

Chinn sé gur loic Michelle O’Neill ina dualgas dlíthiúil roinn a ainmniú in Stormont le maoirseacht a dhéanamh ar íocaíochtaí. Rinne sí é sin chun brú a chur ar rialtas na Breataine le maoiniú a sholáthar. Ba é léamh an Bhreithimh McAlinden ar an scéal go raibh Oifig an Fheidhmeannais ag cur bac ar fheidhmiú na scéime d’aon ghnó chun iallach a chur ar an Státrúnaí malairt scéime a bhunú le maoiniú ó Westminster agus le rialacha cáilithe difriúla.

Seasamh uafásach é seo, ar sé “a léiríonn neamhaird d’aon turas ar riail an dlí nó, aineolas ainnis ar cad is brí le dlí i sochaí dhaonlathach”.

I bhfianaise an bhreithiúnais, dúirt Michelle O’Neill nach raibh an dara rogha aici ach roinn a ainmniú don ghnó. Thug an breitheamh seachtain do Stormont chun an beart a dhéanamh. Dúirt an leasChéad-Aire, áfach, go raibh an scéim idirdhealaitheach eisiach agus gur bhunaigh sé ordlathas i measc íobartach. Deir Sinn Féin go ndéanann an scéim dícháiliú ar phoblachtánaithe mar gur mhol an Státrúnaí, Brandon Lewis, nach mbeadh duine ar gearradh dhá bhliain go leith i bpríosún air i dteideal pinsin.

Nil aon amhras ach go bhfuil ceisteanna faoi chuid de na coinníollacha a bhaineann leis an scéim. Is iomaí duine ar gearradh téarma príosúnachta air a d’fhulaing ionsaí freisin, cor a d’fhágfadh i dteideal íocaíochta é. Gach seans go gcaithfidh bord na scéime déileáil le ceisteanna achrannacha agus gur dócha go ndéanfar achomharc in aghaidh roinnt dá chinntí. Tharlódh go dtógfadh sé blianta chun cuid de na fadhbanna a réiteach.

Ní leor sin chun cúiteamh a cheilt ar gach éinne, leithéidí Jennifer McNern nó an gearánaí eile san Ard-Chúirt, Brian Turley, duine den cheathrar déag fear ar cuireadh púicíní orthu sula ndearnadh iad a chiapadh nuair a gabhadh iad lena n-imtheorannú. Tá na daoine sin agus na céadta mar iad ag fanacht i bhfad rófhada ar thacaíocht agus aitheantas. Tá beag is fiú déanta dá leas fad is a théann polaiteoirí Shinn Féin agus an DUP i bhfostú ina chéile.

Chífimid go luath cé mar a láimhseálfaidh Stormont ordú na hArd-Chúirte. Bheadh an scéim ar an méar fhada fós, seans, murach gur rith Westminster an reacht. Cruthúnas ar éagumas an dá mhórpháirtí go dtí seo ab ea a oiread ceisteanna díláraithe gur gá déileáil leo in Westminster nó sna cúirteanna. Ba é a ndúshlán ar fhilleadh chun oibre i mí Eanáir a bheith níos bisiúla feasta. Chuir an phaindéim cor eile sa scéal, ach ní fada go dtosnófar ag coinneáil scórchárta.

Fág freagra ar 'Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP'