Beag focal ag Jan O’Sullivan faoi athrú poirt maidir le scrúdú béil Stáit an Teastais Shóisearaigh

Thug an NCCA le fios do Tuairisc.ie inné gur i mí na Samhna a chuirfear tuarascáil ar fáil maidir le hanailís atá déanta ar shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh

13/10/2015. Budget 2016. Labour Party Minister for Education and Skills Jan O Sullivan at a Press Briefing in relation to todays budget in Government Buildings. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní fhéadfadh an tAire Oideachais a rá an mbeadh aon athrú poirt ann maidir leis an scéal go bhfuil deireadh á chur le scrúdú béil Stáit an Teastais Shóisearaigh nuair a ceistíodh sa Dáil í faoin ábhar.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní bheidh aon scrúdú béil oifigiúil ann ar shiollabas nua an Teastais Shóisearaigh a thabharfar isteach sa bhliain 2017. Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie go ndéanfar scileanna béil sa Ghaeilge a mheasúnú sa seomra ranga amach anseo.

Idir an dá linn, thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) le fios do Tuairisc.ie inné gur i mí na Samhna a chuirfear tuarascáil ar fáil maidir le hanailís atá déanta ar shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.

Agus í ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála, Seán Kyne uirthi faoi na hathruithe atá i ndán don Ghaeilge mar ábhar sa Teastas Sóisearach, dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go bhfuil “anailís dhomhain” déanta ag painéal comhairliúcháin de chuid an NCCA ar an gceist seo agus gur pléadh torthaí na hanailíse sin ag cruinniú a bhí ar siúl Dé Céadaoin seo caite.

I ráiteas a d’eisigh an NCCA le Tuairisc.ie inné maidir leis an gcruinniú sin, dúradh go raibh ‘próiseas leathan comhairliúcháin’ ar bun acu ‘le páirtithe leasmhara’ maidir le leagan amach shiollabas Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.

‘Tá muid [an NCCA] anois ag déanamh anailíse ar thorthaí an phróisis sin. Tá aiseolas agus torthaí fhóram comhairliúcháin na seachtaine seo caite (7 Deireadh Fómhair) san áireamh sa phróiseas seo,’ a dúradh.

Tuigtear go mbaineann na moltaí le scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Béarla araon.

Dúirt an tAire O’Sullivan ina freagra ar an Teachta Dála Seán Kyne gurb ionann 40% de mharcanna a bheith curtha ar leataobh don bhéaltriail san Ardteist agus ‘áit lárnach’ a bheith ag forbairt scileanna labhartha sa churaclam nua. Léiriú eile ar an mbéim atá á leagan ar an bhfocal labhartha sa Ghaeilge sa chóras oideachais is ea an t-ardú le roinnt blianta anuas atá tagtha ar líon na ndaltaí a rinne scrúdú béil Stáit an Teastais Shóisearaigh, a dúirt an tAire O’Sullivan.

Fág freagra ar 'Beag focal ag Jan O’Sullivan faoi athrú poirt maidir le scrúdú béil Stáit an Teastais Shóisearaigh'