Beag fianaise ar phlé faoi chinneadh gearradh siar ar theagasc na Gaeilge sa bhunscoil

De réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais nach raibh ach 15 nóiméad curtha ar leataobh do chruinniú faisnéise a bhí ag an Aire Norma Foley maidir leis na hathruithe uile a bhí beartaithe don churaclam

Beag fianaise ar phlé faoi chinneadh gearradh siar ar theagasc na Gaeilge sa bhunscoil

Ní léir go ndearnadh aon phlé mór leis an Aire Oideachais maidir leis an tionchar a bheadh ag an gcuraclam nua bunscoile ar mhúineadh na Gaeilge do pháistí.

D’fhoilsigh an tAire Norma Foley curaclam nua mí an Mhárta na bliana seo agus fógraíodh go raibh múineadh an tríú teanga le tabhairt isteach do dhaltaí ó Rang a 3 ar aghaidh.

Ar cheann de na hathruithe atá le tabhairt isteach, tá daltaí ó Rang 1 ar aghaidh le leathuair an chloig sa tseachtain níos lú a chaitheamh ag foghlaim an dara teanga, an Ghaeilge i bhformhór mór scoileanna na tíre.

Is cosúil ó eolas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, áfach, nach raibh ach 15 nóiméad curtha ar leataobh do chruinniú faisnéise a bhí ag an Aire Foley maidir leis na hathruithe uile a bhí beartaithe don churaclam.

Is ar an 18 Eanáir i mbliana a reáchtáladh an cruinniú sin i dTeach Laighean idir an tAire Foley, comhairleoirí dá cuid agus ionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), a réitigh an creatchuraclam nua.

Ní hamháin go raibh an curaclam nua bunscoile le plé le linn an 15 nóiméad sin ach bhí athruithe a bhí beartaithe ar churaclam matamaitice na bunscoile le plé chomh maith.

Conradh na Gaeilge a rinne an t-iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar gach comhfhreagras agus cáipéis a bhain leis an gcinneadh an t-am teagaisc don Ghaeilge a laghdú sa churaclam nua.

Tá imní léirithe ag saineolaithe oideachais, gníomhaithe teanga agus polaiteoirí faoin tionchar a bheidh ag na hathruithe ar theagasc na Gaeilge ach tá ráite ag an Aire Foley gur athrú chun feabhais a bheidh ann.

Níl ach cúpla tagairt fhánach don Ghaeilge déanta san ábhar a chuir an Roinn Oideachais ar fáil don Chonradh.

I ríomhphost chuig Patrick O’Sullivan, Leas-Phríomhfheidhmeannach an NCCA, an tseachtain roimh an gcruinniú leis an Aire Foley, dúirt Evelyn O’Connor, an príomhoifigeach san aonad curaclaim sa Roinn Oideachais, go raibh an laghdú ama do mhúineadh na Gaeilge agus don reiligiún ar cheann de na hábhair a bhféadfadh spéis a bheith ag an Aire agus a comhairleoirí iontu.

Ach i bhfianaise an nóta eolais a chuir an NCCA le chéile bunaithe ar an méid a pléadh ag an gcruinniú, níor mhór an plé ar an nGaeilge a rinneadh.

An lá roimh an gcruinniú, dúirt Patrick O’Sullivan go raibh sé tábhachtach a chur in iúl don Aire nach raibh aon am “á bhaint ón nGaeilge” chun teagasc an tríú teanga a thabhairt isteach.

Faoin gcuraclam nua, caithfidh daltaí i mbunscoileanna Béarla trí uair an chloig sa tseachtain ag foghlaim na Gaeilge idir Rang 1-6, fiú agus an tríú teanga á múineadh dóibh ó Rang a 3 ar aghaidh. Tá an méid ama a chaitear ar an nGaeilge sna scoileanna sin le laghdú ó thrí uair an chloig go leith.

Dúirt O’Sullivan, Leas-Phríomhfheidhmeannach an NCCA, gurbh í an imní is mó a bhí ar lucht an Ghaeloideachais ná an méid ama a bhí ar fáil do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla agus mhaígh sé arís nach raibh am á bhaint ón nGaeilge chun an tríú teanga a mhúineadh.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur léir dó nár glacadh go “dáiríre” leis na himpleachtaí a bheadh ag an gcuraclam nua ar theagasc na Gaeilge.

“Lorgaíomar gach comhfhreagras agus gach plé a bhí ann leis an Aire maidir leis an gceist seo agus is léir ón bhfreagra a tháinig agus an fhianaise a cuireadh ar fáil nach raibh ach 15 nóiméad ar fáil le plé a dhéanamh, ní hamháin ar cheist na Gaeilge sa churaclam nua ach ar gach rud a bhain leis an gcuraclam nua, agus scéal theagasc na matamaitice le plé freisin. Sin an méid ama a chuir siad ar leataobh.

“Is léir dúinne nach bhféadfaí a rá gur tógadh dáiríre í mar cheist, más é sin an méid ama a bhí ann chun plé a dhéanamh ar cheist atá chomh tábhachtach sin agus a d’fhéadfadh impleachtaí fadtéarmacha a bheith i gceist léi,” arsa de Spáinn.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge freisin go bhfuil sé “mícheart” a bheith ag maíomh nach bhfuil tabhairt isteach an tríú teanga chun am a bhaint ó mhúineadh na Gaeilge nuair atá sé soiléir go bhfuil níos lú ama le caitheamh ar an nGaeilge faoin churaclam nua.

“Is cur i gcéill é a rá nach bhfuil am á bhaint ón nGaeilge. Ní hamháin go bhfuil sé á bhaint ó Rang a 3 ar aghaidh, nuair a bheidh an tríú teanga á múineadh, tá sé á bhaint ó Rang a 1.Bíodh sé bainte mar gheall ar am solúbtha a bheith á thabhairt isteach nó mar gheall ar an tríú teanga, ní athraíonn sé an fhíric go bhfuil leathuair níos lú sa tseachtain le caitheamh ag daltaí ar an nGaeilge ar feadh sé bliana.”

Sheol an tAire Oideachais Creatchuraclam nua na Bunscoile ar an 9 Márta i mbliana.

Mhaígh an tAire an mhí seo caite gur athrú chun feabhais ó thaobh sealbhú na Gaeilge a bheadh sa churaclam nua a laghdóidh an méid ama a bheidh ar fáil do theagasc na teanga, maíomh a chuir iontas ar lucht an ghaeloideachais, gníomhaithe teanga agus polaiteoirí.

 

Fág freagra ar 'Beag fianaise ar phlé faoi chinneadh gearradh siar ar theagasc na Gaeilge sa bhunscoil'

  • Carraig53@protonmail.com

    Cá bhfuil ‘dearg le fearg’ anois?