Níor fháiltigh aon dream roimh fhógra Státrúnaí Thuaisceart Éireann go raibh painéal á bhunú aici chun an tsáinn faoi pharáid oráisteach in Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste a scrúdú.
Tá agóid ar siúl ag dílseoiri i dtuaisceart na cathrach le bliain agus ráithe mar gur dhiúltaigh Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil in Ard Eoghain, áit a bhfuil doicheall rompu ag áitritheoirí náisiúnacha. Cosnaíonn póilíneacht na hagóide – “campa síochána Twaddell” – £40,000 sa lá.
Trí mhí ó shin, shiúil na páirtithe aontachtacha amach as cainteanna i Stormont mar agóid in aghaidh chinneadh Choimisiún na bParáidí. Bhunaigh siad comhghuaillíocht nó fronta pan-aontachtach idir an DUP, an UUP, an TUV, an tOrd Oráisteach, an PUP agus grúpa a bhfuil nasc aige leis an UDA.
D’éiligh siad coimisiún fiosraithe faoi chinneadh Choimisiún na bParáidí gan an pharáid abhaile sa tráthnóna ar an 12 Iúil a cheadú ach ceadaíodh an mháirseáil ar maidin.
Ba é an painéal a d’fhógair an Státrúnaí Theresa Villiers Dé Máirt freagra na n-údarás ar an éileamh ar choimisiún fiosraithe. Níor tugadh an t-eiteachas don fhógra ach ní raibh aon ghairdeachas faoi ach an oiread.
Bhí a thuilleadh soiléire de dhíth ón bhfronta pan-aontachtach. Theastaigh uathu labhairt leis an Státrúnaí sula dtiocfaidis le chéile arís chun an plean agus comhdhéanamh an phainéil a iniúchadh.
Géilleadh do na haontachtaithe ab ea cinneadh an Státrúnaí, dar le Sinn Féin. Iarracht ar chúla téarma chun an bonn a bhaint de Choimisiún na bParáidí a bhí ann, a dúirt an SDLP. Cháin an dá eagraíocht áitritheoirí in Ard Eoghain an plean mar bheartas “géillte” don Ord Oráisteach.
Dar le cuid mhaith daoine sa cheantar ar labhair Tuairisc.ie leo nach raibh sa phainéal ach iarracht lena chinntiú go nglacfaidh na haontachtaithe páirt i gcomhchainteanna uile-pháirtí faoin ngéarchéim i Stormont.
Bhíodar ag tagairt do ráitis ó ionadaithe sa DUP agus san UUP nach mbeidis páirteach sna comhchainteanna a ghairm an dá rialtas mura sásófaí a n-éileamh i dtaca le Ard Eoghain. Anuas air sin, bhí sraith léirsithe – ocht gcinn déag ar fad – de chuid na comhghuaillíochta geallta ar fud an tuaiscirt.
Díol suntais ab ea é gur chosúil go raibh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, patuar faoi phlean Villiers.
De réir ráitis uaidhsean, dúirt sé léi nár mhór a chinntiú nach mbainfí an bonn de Choimisiún na bParáidí agus go mbeadh gach dream rannpháirteach san obair. Ar éigean a tharlóidh sé sin, a deir náisiúnaithe.
B’éigean do Villiers í féin a chosaint faoin scéim ó thús, í ag tathaint ar dhaoine gan diúltú dó agus í meáite nárbh fhéidir leanúint ar aghaidh mar atá.