Beag dul chun cinn atá déanta ag Alan Kelly tar éis bliana

Ní raibh deis chomh maith le fada ag Páirtí an Lucht Oibre iad féin a chur chun cinn arís

Beag dul chun cinn atá déanta ag Alan Kelly tar éis bliana

Cén chaoi nach bhfuil ag éirí le Páirtí an Lucht Oibre tionchar níos mó a bheith acu ar mheon an phobail? Tá tráchtaireacht agus anailís go leor déanta ó foilsíodh an phobalbhreith Red C is déanaí faoin tsáinn ina bhfuil Fianna Fáil. De réir cosúlachta, tá go leor de na Teachtaí Dála seanbhunaithe sa pháirtí ag déanamh a machnaimh an mbacfaidh siad seasamh sa gcéad olltoghchán eile ar chor ar bith. Más fíor go bhfuil siad chomh híseal le 11% ó thaobh tacaíocht an phobail déanfar scrios orthu arís mar a rinneadh in 2011.

Díol spéise a laghad cainte atá á dhéanamh faoina laghad dul chun cinn atá déanta sna pobalbhreitheanna céanna ag Páirtí an Lucht Oibre ón olltoghchán anuraidh. Tá Alan Kelly ina cheannaire le bliain anois agus tá ag éirí go maith leis aird a tharraingt air féin sa Dáil. Tá sé cloiste agam go minic ó dhaoine a bhíonn ag éisteacht lena mbíonn le rá ag polaiteoirí nach dtabharfadh saineolaithe ná tráchtairí orthu féin go mbíonn ciall go leor leis an méid a bhíonn le rá aige. Tá sé de cháil ar AK47, mar a baisteadh air le linn chonspóid na dtáillí uisce, nach gcuireann sé fiacail ann agus go labhraíonn sé gan fuacht gan faitíos.

Bhí sé lárnach sa bhfeachtas le cearta na mban a d’fhulaing de bharr an scannail CervicalCheck a chur chun cinn. Déarfadh leithéidí Vicky Phelan go raibh sé lárnach ag cuidiú leo ina bhfeachtas. Bíonn sé glórach anois faoin ngéarchéim sláinte agus faoi na deacrachtaí a bhaineann leis an gclár vacsaínithe. Fós féin, tá Páirtí an Lucht Oibre taobh le 4% sna pobalbhreitheanna. Ach is beag duine atá ag cur na ceiste, cén fáth?

Baineann Kelly le seantraidisiún an cheardchumannachais i bPáirtí an Lucht Oibre. Níl aon cheilt aige féin air sin ná ní bhíonn sé ag maíomh go bhfuil sé níos radacaí nó níos faide amach ar an eite chlé ná sin. Mar sin féin, tá sé dílis don traidisiún a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre in áiteacha cosúil le Tiobraid Árann le fada an lá. 

Tá an páirtí atá faoina stiúir i bhfad ó laethanta glórmhara Taoille Spring agus Gála Gilmore. Chaill siad tacaíocht an phobail ar bhealach tubaisteach mar thoradh ar a rogha dul i gcomhrialtas agus tá ag cinneadh orthu, dá fheabhas cuid de na Teachtaí Dála agus na hurlabhraithe atá acu, iad féin a chur in iúl. Baineann sé sin cuid mhaith leis na scoilteanna rialta san eite chlé. Anuraidh tar éis an olltoghcháin, bhí an Teachta Dála nuathofa Aodhán Ó Ríordáin ag caint ar Lá an Chomhairimh ar RTE Raidió na Gaeltachta ar bhreathnú ar chomhghuaillíocht a dhéanamh leis na Daonlathaithe Sóisialta. Beirt iarTheachtaí Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a bhunaigh an páirtí sin an chéad lá.

Cuirtear an cheist go rialta cén fáth nach bhfuil deighilt níos soiléire idir an eite chlé agus an eite dheis i bpolaitíocht na hÉireann. Tá formhór mór na bpáirtithe lonnaithe i ngar do lár an speictrim pholaitiúil. Caithfidh Páirtí an Lucht Oibre iarracht a dhéanamh ionad níos soiléire a aimsiú dóibh féin nó méadóidh an brú orthu cónascadh leis na Daonlathaithe Sóisialta. Fear óg é Alan Kelly agus níl sé ach bliain ina cheannaire. Cén fáth nach bhfuil ag éirí leis an Lucht Oibre dul i gcion ar an bpobal go háirithe nuair atá na fadhbanna sóisialta a ndíríonn siad orthu níos práinní ná riamh? Tá sé luath fós breithiúnas a thabhairt ar cheannaireacht Alan Kelly ach ní miste an cheist a chur mar, ó tharla Fianna Fáil agus Fine Gael a bheith i gcomhrialtas, ní raibh deis chomh maith le fada ag Páirtí an Lucht Oibre iad féin a chur chun cinn arís. 

Fág freagra ar 'Beag dul chun cinn atá déanta ag Alan Kelly tar éis bliana'

  • Eoin Ó Murchú

    Páirtí an Lucht Oibre agus na ceardchumainn? Ní féidir e sin a phle gan a lua nach bhfuil móran ceardchaumainn ann ata ceangailte a thuilleadh leis an bpáirtí sin.
    Maidir le polasaí, tá i bhfad níos mó iontaoibh ag oibrithe as Sinn Féin nó mar atá as Páirtí an Lucht Oibre, i bhfianaise gur dearnadh feall mór orthu an uair dheiridh go raibh an páirtí sin i rialtas.
    Go fóill fós níl aon leithscéal gafa ag an bpáirtí mar gheall air sin, nó aon admháil go ndearna siad feall!