‘Beart toghchánaíochta a bhí i bhfógra maoiniú do Ché Inis Oírr agus is beag dul chun cinn atá déanta’ – Ó Cuív

Beifear ag lorg tairiscintí don obair thógála atá le déanamh ar Ché Inis Oírr i mbliana, ach dar leis an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur cheart an maoiniú a fógraíodh don togra 'mar bheart toghchánaíochta' in 2015 a chaitheamh ar thograí eile i bhfianaise na moille ar an bhforbairt

‘Beart toghchánaíochta a bhí i bhfógra maoiniú do Ché Inis Oírr agus is beag dul chun cinn atá déanta’ – Ó Cuív

Beart toghchánaíochta ab ea fógairt an mhaoinithe d’fhorbairt ché Inis Oírr, dar le hÉamon Ó Cuív. Deir an t-iarAire Gaeltachta gur léir anois nach ndéanfar aon dul chun cinn maidir le forbairt na céibhe go dtí 2018 ar a luaithe, agus mar sin, gur cheart an maoiniú a fógraíodh in 2015 “mar bheart toghchánaíochta” a chaitheamh ar thograí eile.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne go bhfostófar comhairleoirí chun an fhorbairt atá beartaithe do ché Inis Oírr a thabhairt chun cinn agus tairiscintí a lorg don obair thógála i mbliana.

Bhí cruinniú ag oifigigh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an fhorbairt sin a phlé, a dúirt. Thug an tAire Kyne le fios sa Dáil “nach féidir an caiteachas a dhéanfar ar an togra in 2017 a mheas” i láthair na huaire.

Idir an dá linn, níl aon dul chun cinn déanta maidir le Cé Inis Meáin.Ta iarrtha ag an Aire Kyne ar oifigigh a Roinne dul i dteagmháil arís leis an gComhairle Contae maidir leis an réamhobair a dhéanfar i mbliana chun an fhorbairt atá beartaithe do ché an Chalaidh Mhóir a thabhairt chun cinn.

Dúirt an tAire Kyne sa Dáil an tseachtain seo nach bhfuil na hacmhainní ag a Roinn i láthair na huaire chun an tríú céim den fhorbairt sin a mhaoiniú ach go raibh cruinniú aige le hionadaithe poiblí an cheantair le deireanas leis an gceist a phlé. Bhí an tAire ag freagairt ceisteanna faoi chéanna Oileáin Árann ón Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur léir dó anois nach ndéanfar aon dul chun cinn ar ché Inis Oírr i mbliana “ná fiú go luath in 2018”.

“Cuireadh iomlán an airgid don fhorbairt ar fáil mar bheart toghchánaíochta i nDeireadh Fómhair 2015, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin. Tá sé chomh maith ag an Aire an t-airgead a chaitheamh ar rud éigin eile anois. Ba cheart don Aire a aird a dhíriú ar chéanna beaga eile sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Beart toghchánaíochta a bhí i bhfógra maoiniú do Ché Inis Oírr agus is beag dul chun cinn atá déanta’ – Ó Cuív'

  • Cathleen Ní Chonghaile

    B’fhéidir gurbh ea ach más ea fhéin an amhlaidh nach raibh, agus nach bhfuil, Teachtaí Dála, Comhairleoirí Contae agus na dreamanna eile ar fad a deir gur cás leo an droch-bhail agus an daimséar atá ag baint le Céibh Inis Oírr in ann brú a chur san áit chuí le cinntiú go ndéanfaí mar a gealladh sa bhfógra sin?
    Ní fheicim cá bhfuil Cáirde Inis Oírr nuair a theasataíonn siad. Ag fanacht go dtarlóidh droch-thimpist sa gcéibh ar dtús atáthar seans.