Beag an baol go réiteoidh an Buiséad mórán 

Ní léir go bhfuil ár bpolaiteoirí in ann ár bhfadhbanna a réiteach

Beag an baol go réiteoidh an Buiséad mórán 

Más comhartha an earraigh í an chuach sa gcoill, is comhartha dheireadh an tsamhraidh go cinnte é na páistí a bheith ag dul ar ais ar scoil agus na polaiteoirí a bheith ag filleadh ar an Dáil i ndiaidh a gcuid saoire.

Ach cibé faoi na páistí ní cosúil go mbíonn tréimhse suaimhnis ar bith in ndán do na polaiteoirí nó don rialtas, go háirithe.

Más féidir leis an rialtas scannal Robert Troy a chur díobh, is ag díriú a n-aird go léir ar an mBuiséad a bheidh siad. 

Mar thoradh ar na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis, i measc rudaí eile, tá an Eoraip ar fad ag réiteach do chúlú mór eacnamaíochta. 

Agus tá praghsanna ag dul ó smacht cheana i ngach réimse – fuinneamh, breosla, bia, ábhar talmhaíochta, cíos, tithíocht agus aon rud eile a bhaineann leis an gcostas maireachtála.

Ní dóigh liom go laghdaíonn caint an Tánaiste, Leo Varadkar, imní an phobail nuair a deir sé nach leor buiséad amháin le teacht i dtír ar na trioblóidí atá romhainn. 

Seo rialtas a dhiúltaigh pacáiste cúnaimh a thabhairt isteach nuair a bhuail na harduithe ar phraghsanna muid, rialtas a dúirt go mbeadh orainn fanacht go dtí buiséad an fhómhair. Seo rialtas a dhiúltaigh cur i gcoinne na smachtbhannaí atá ag cur leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus rialtas a dhiúltaigh droim láimhe a thabhairt le polasaithe nach bhfuil ag éirí leo. Tá ag teip ar pholasaithe an rialtais i dtaca le cúrsaí tithíochta agus sláinte, forbairt tuaithe, athaontú na tíre agus treisiú na Gaeilge.

Tá eagraíochtaí carthanais ag rá go bhfuil níos mó daoine ag lorg cúnaimh uathu ná riamh mar gheall ar phraghas an bhia. Tá mic léinn tríú leibhéal ag caint faoi éirí as an oideachas toisc nach féidir leo áit chónaithe a aimsiú.

Ach má tá an costas maireachtála imithe as smacht, agus fadhb na tithíochta gan réiteach, is cosúil go bhfuil muid gafa i bhfáinne fí an oilc, na géarchéime agus na teipe.

Tá príomhoidí scoile ag gearán nach féidir leo múinteoirí a aimsiú toisc nach féidir leis na múinteoirí áiteanna cónaithe ar phraghas réasúnta a aimsiú, go háirithe i mBaile Átha Cliath.

Ní féidir altraí a aimsiú don chóras sláinte ar an údar céanna, agus tá tuilleadh daoine óga – ar fud na tíre – ag caint faoi dul ar imirce.

Tá seirbhísí meabhairshláinte i mbaol ar an údar céanna, agus seirbhísí otharchairr gan a ndóthain fostaithe chun an tseirbhís a choinneáil ag imeacht.

Tá 40% de chúramóirí/oiliúnóirí leanaí ag smaoineamh ar éirí as mar gheall ar an drochphá.

Agus má tá sláinte eacnamaíochta na tíre ag brath ar ollchomhlachtaí eachtracha, bhuel, níl áiteanna cónaithe againn do na fostaithe a thugann siad isteach ach oiread, nó níl fiú an fuinneamh a choinneodh na monarchana is na hionaid sonraí ag feidhmiú.

Ábhar iontais don rialtas, is cosúil, nach mbeidh an gréasán leictreachais in ann don éileamh a bheas air sa todhchaí – cé go bhfuil tuarascálacha rialta ann ó 2008 ar aghaidh ag tabhairt foláireamh dúinn faoin bhfadhb chéanna.

Níl sé ach mí ó mhaígh an Taoiseach Micheál Martin go roinnfeadh muid ár gcuid fuinnimh leis an gcuid eile den Eoraip le cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar a ngéarchéim siúd. An é go fírinneach nár bhac sé a fháil amach é faoinár acmhainn fuinnimh féin sular labhair? 

An mar a chéile a bhí aige nuair a bhí sé ag maíomh as fáilte a chur roimh theifigh ón Úcráin, ach gan aon bheart déanta aige lena chinntiú go bhféadfadh muid freastal ar riachtanais chónaithe na dteifeach céanna?

Go deimhin, measann Robert Troy go bhfuil míniú sásúil aige ar an gconspóid a bhaineann leis toisc gan a chuid réadmhaoine a bheith cláraithe i gceart aige. Is amhlaidh nár léigh sé an fhoirm i gceart. Míniú sásúil é freisin, b’fhéidir, go bhfuil an oiread sin tithe aige nach raibh sé in ann cuimhneamh ar gach ceann acu.

Fiú más duine ionraic soineanta é, tá drochbholadh ar an scéal seo, mar atá ón gconspóid faoi Paul Hyde agus an Bord Pleanála maidir le coimhlintí leasa sa gcóras pleanála.

Agus ós ag caint faoi phleanáil atá muid, céard faoin gcóras leathanbhanda?

Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (National Broadband Ireland), a fhaigheann fóirdheontas €2.9 billiún ón rialtas, ag rá nach féidir leo ceangal leathanbhanda a dhéanamh aon áit a bhfuil comhlacht tráchtála ar fáil go háitiúil, mar gheall ar rialacha an Aontais Eorpaigh nach gceadaíonn tacaíocht stáit do comhlachtaí atá i gcomórtas leo.

Ní féidir cur isteach ar an margadh. Agus cinnte, ní féidir srian a chur leis an margadh.

Go bunúsach sin é atá taobh thiar de gach aon fhadhb atá againn. Fágtar ceist na tithíochta faoin earnáil phríobháideach agus déantar an rud céanna le cúrsaí fostaíochta, leis an athrú aeráide agus leis an gcóras sláinte agus eile.

Go deimhin. An bhfuil aon dóchas agatsa, a léitheoir dhil, go ndéanfar gníomh fónta sa bhuiséad? Go réiteoidh sé ár gcuid fadhbanna?

Fág freagra ar 'Beag an baol go réiteoidh an Buiséad mórán '

  • Tony

    Ar a laghad ní chuirfidh an rialtas seo aon aird orainn ó na fadhbanna iomadúla atá le sárú aige trí chogadh gan spreagadh a thosú i gcoinne a chomharsanachta.