Tá bata agus bóthar tugtha ag Manchester United dá mbainisteoir José Mourinho agus gan ach cluiche amháin buaite acu as na sé cinn dheireanacha a bhí acu.
Tógadh an cinneadh fáil réidh le Mourinho, atá ina bhainisteoir ar an gclub ó Bhealtaine 2016, i ndiaidh don fhoireann cailleadh go bog i gcoinne Liverpool Dé Sathairn, toradh a d’fhág go bhfuil United 19 pointe taobh thiar dá sean-namhaid atá ag barr na Príomhroinne. Tá fíor-dhrochthús curtha ag Manchester United leis an séasúr – an ceann is measa le 28 bliain – agus iad sa séú háit, i bhfad taobh thiar den cheithre fhoireann ar bharr na sraithe.
I ráiteas a d’eisigh an club inniu, dúradh:
“Tá faoi Manchester United a fhógairt go bhfuil José Mourinho imithe ón gclub ar an toirt.
“Ba mhian leis an gclub buíochas a ghabháil le José as an obair a rinne sé le linn a thréimhse le Manchester United agus gach rath a ghuí air amach anseo. Ceapfar bainisteoir sealadach a bheidh i bhfeighil as seo go deireadh an tséasúir seo, fad is a bheidh an club i mbun próiseas earcaíochta cuimsitheach chun bainisteoir nua lánaimseartha a cheapadh.”
D’éirigh le Mourinho an tSraith Europa agus Corn na Sraithe a bhuachan in 2016-17 agus bhain an fhoireann an dara háit amach sa Phríomhroinn an séasúr seo caite chomh maith le háit i gcluiche ceannais Chorn an FA.
Cé gur chaith sé thart ar €400 milliún ar 11 imreoir le linn a thréimhse le United, bhí teannas idir é féin agus feidhmeannas an chlub i mbliana agus Mourinho den tuairim nár tugadh dóthain tacaíochta dó, go háirithe agus é ag iarraidh cosantóir nua a cheannach.
Cé gur mó an locht a chuirfeadh cuid mhór de lucht tacaíochta Manchester United ar na húinéirí agus riarthóirí as an tsáinn ina bhfuil an club ó d’éirigh Alex Ferguson as, bhíothas míshásta chomh maith le cur chuige agus stíl leamh na foirne agus í faoi stiúir Mourinho agus faoin atmaisféar duairc thart ar Old Trafford.
Tá iarbhainisteoir Real Madrid Zinedine Zidane agus bainisteoir Tottenham Hotspur Mauricio Pochettino ina measc siúd atá á lua mar chomharba Mourinho.
Tomás
Cuir síoda ar ghabhar (Manchain Aontaithe) ach is gabhar i gcónaí é. Agus is ceannaithe mar shíoda acu é!
Des O Murchu
Ta na la, nil na la! Ta ManU bxxxed!