Bata agus bóthar tugtha ag Johnson do Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith

Cé gur cheap mórán gurb é Julian Smith an Státrúnaí ab éifeachtaí ó thuaidh le tamall, bhris Boris Johnson as a phost é

Bata agus bóthar tugtha ag Johnson do Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith

Tá bata agus bóthar tugtha ag Boris Johnson do Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith ar maidin.

Cé gur cheap mórán gurb é Julian Smith an Státrúnaí ab éifeachtaí ó thuaidh le tamall agus é lárnach in athbhunú an fheidhmeannais in Stormont, briseadh as a phost é mar chuid d’atheagar Johnson ar a chomh-aireacht.  

Tháinig Julian Smith i gcomharbacht ar Karen Bradley mar Státrúnaí i mí Iúil 2019.

Tuairiscítear go raibh Príomh-Aire na Breataine míshásta le gnéithe áirithe den mhargadh, New Decade, New Approach, a rinneadh chun an feidhmeannas a chur ar a chosa arís, agus go raibh Johnson míshásta go háirithe faoi fhiosrúcháin a bheith beartaithe maidir le hiompar shaighdiúirí na Breataine le linn na dTrioblóidí.  Dúirt Julian Smith féin ar maidin gur “pribhléid” a bhí ann a bheith ina Státrúnaí ó thuaidh.

Ghabh Céad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster buíochas le Smith as a chuid oibre.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar tugtha ag Johnson do Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith'