Bata agus bóthar tugtha do mholtóirí agus réiteoirí dornálaíochta i Rio

Ní bheidh na moltóirí agus na réiteoirí atá i gceist ar dualgas don chuid eile de na Cluichí, ach seasfaidh gach cinneadh a rinne siad

Bata agus bóthar tugtha do mholtóirí agus réiteoirí dornálaíochta i Rio

Tá sé fógartha ag Cumann Idirnáisiúnta na Dornálaíochta Amaitéaraí (Aiba) go bhfuil bata agus bóthar tugtha acu do mholtóirí agus réiteoirí dornálaíochta ag na Cluichí Oilimpeacha.

I ráiteas a d’eisigh Aiba tráthnóna, tugadh le fios go rabhthas míshásta le ‘cuid fhíorbheag’ de na cinntí a deineadh sna 239 babhta dornálaíochta a bhí ann ó thús na gCluichí i Rio de Janeiro.

Ní bheidh na moltóirí agus na réiteoirí atá i gceist ar dualgas don chuid eile de na Cluichí, ach seasfaidh gach cinneadh a rinne siad toisc nach féidir dul siar ar chinneadh de réir rialacha an Aiba.

I measc na mbabhtaí ar léirigh daoine amhras fúthu bhí an troid a chaill Michael Conlan na hÉireann i gcoinne Vladimir Nikitin na Rúise inné. Ní fios an bhfuil troid sin Conlan i measc na mbabhtaí a bhfuil amhras ar an Aiba féin fúthu.

Bhí Conlan le ceangal i ndiaidh na troda sin agus chuir sé i leith na n-údarás gur “fu*king cheats” a sciob uaidh an bua.

Léiriú ab ea an cinneadh “ar cé chomh cam” is a bhí an dornálaíocht amaitéarach, a dúirt sé, tuairim ar tháinig saineolaithe dornálaíochta agus iriseoirí araon léi.

“Tá an dornálaíocht amaitéarach lofa go smior,” a dúirt fear Bhéal Feirste. Sheol an Feirsteach tvuít chomh maith chuig Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, inar cheistigh sé a bhaint siúd leis an scéal.

Maidir leis na líomhaintí faoi chaimiléireacht, dúradh i ráiteas an Aiba nach raibh aon fhianaise ann go raibh a leithéid ar bun agus dá bharr sin go rachaidís i muinín an dlí dá mba ghá chun “dea-cháil a spóirt a chosaint”.