Tá cairde cheannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, ag iarraidh cuma na maitheasa a chur ar thoradh an olltoghcháin. Choinnigh an páirtí na trí shuíochán i Westminster agus choinnigh sé féin Béal Feirste Theas cé go raibh sé faoi ionsaí ó dhá thaobh, a deir siad.
Is fíor sin. Ach níl ansin ach cuid den scéal. Bhí droch-thoghchán ag an SDLP agus bhí feachtas truamhéalach, mí-éifeachtach ag an gceannaire. Níor ghlac an Dochtúir McDonnell páirt in aon díospóireacht teilifíse agus sheachain sé na cruinnithe áitiúla ag a raibh deis ag an bpobal iarrthóirí a cheistiú. Bhí na méain shóisialta lán le sioscadh faoin ‘gceannaire dofheicthe’.
Tubaiste a bheadh i ndán don pháirtí dá leanfaí ar an ealaín sin, dar le hionadaithe eile sa pháirtí, móruaisle an SDLP ón tseanaimsir san áireamh. Chomh luath is a bhí na torthaí fógartha, rinne beirt iar-leascheannaire, Seamus Mallon agus Bríd Rodgers, achainíodh ar McDonnell éirí as an gceannaireacht. Ba cheart dó díriú ar an obair i Westminster, a dúradar, agus ligint do chomharba mar Theachta i Stormont agus do cheannaire nua fáil faoi réir le haghaidh toghchán an Tionóil sa Bhealtaine seo chugainn. Sa tseachtain ina dhiaidh sin, thacaigh iarcheannaire an pháirtí, an feisire Mark Durkan a chuir lena vóta i dtoghcheantar an Fheabhail, leis an achainí. Rinne an Teachta Tionóil John Dallat agus an Comhairleoir Claire Hanna an rud céanna.
Ba é freagra an cheannaire nach raibh sé toilteanach a chuid oibre a fhágáil leathdhéanta. Atheagrú agus neartú an pháirtí a bhí i gceist aige. Baineadh siar as go leor go raibh sé féin agus dornán an-bheag daoine ag maíomh go raibh ag éirí leis an saothar sin. Ba é an cruthúnas ar dhul chun cinn, a dúradar, gur éirigh le hiarrthóirí nua do thoghchán Westminster stop a chur leis an meath ó bhí meadú an-bheag ar an vóta in iarthar Thír Eoghain agus san Iúr/Ard Mhacha.
Cés moite de Theachta Tionóil a roghnaigh McDonnell do Stormont nuair a d’éirigh fear eile as, níor thainig i gcabhair ar an gceannaire ach Coiste Stiúrtha an pháirtí, atá faoi anáil McDonnell, dar le lucht a cháinte. D’fhógair siadsan gur thacaigh an Coiste le “forbairt agus treo straitéiseach an pháirtí faoi cheannas Alasdair McDonnell”.
Dúradh go raibh “obair mhór déanta aige chun an páirtí a atheagrú agus agus a aththógáil” agus go ndéanfaí “a thuilleadh den saothar sin sna míonna amach romhainn”.
Údar iontais ag tráchtairí ab ea caint ar ‘threo straitéiseach’ ó ‘is í an fhadhb is mó ag an SDLP nach léir cén fhealsúnacht atá aige nó céard lena aghaidh é. Má tá ath-thógáil déanta, ba bheag dá chosúlacht a bhí ar thorthaí an toghcháin. Thit vóta an SDLP 2.6% agus d’éirigh le Alasdair McDonnell a shuíochán a chosaint ar éigean, a bhuíochas do vótaí aontachtacha a bheith scaipthe idir triúr. Ba é an vóta 99,809 – nó 13.9% – an toradh ba mheasa ariamh ag an SDLP i dtoghchán do Westminster ó sheas an pairtí an chéad uair i mí Feabhra 1974 (scéal thairis é ach fuair siad os cionn 160,000 vóta – 22.4% – an t-am sin).
Léiríonn na figiuirí gur ag dul i laige atá an SDLP le dhá bhliain déag agus ní féidir an milleán a chur ar McDonnell amháin. Bhí an páirtí ag meath ó thaobh eagair i bhfad roimh 2003 nuair a fuair Sinn Féin an ceann is fearr orthu, ach is measa fós é ó shin. Anois, ó thit vóta Shinn Féin freisin sa toghchán is deireanaí, d’fhéadfadh deis a bheith ag ceannaire nua bríomhar muinín agus misneach a mhúscailt sa SDLP an athuair.
Drochsheans go dtiocfadh biseach ar an bpáirtí agus é á shracadh féin as a chéile. D’fhéadfadh gur bás nó beatha dóibh toghchán na bliana seo chugainn; ní réamhstraiteis mhaith é ceannairc. Bhí eite den phairtí nár fháiltigh roimh McDonnell mar cheannaire ariamh ach ní hiadsan amháin atá ag séideadh na feadóige anois. Ceist eile ar fad é cá bhfuil an té a bhfuil scothábhar ceannaireachta ann/inti, ach tá fuinneamh agus fís de dhíth.
Tá go leor buanna ag Alasdair McDonnell. Seantrodaí tréan é ach níor mhúscail sé a pháirtí. Níor mhiste dá chairde moladh dó gur fearr rith maith ná drochsheasamh.
Seán Mag Leannáin
Bhí Laghdú 1% i vóta SF agus laghdú 2.6% i vóta an SDLP. Thit an vóta náisiúnach (SF agus SDLP le chéile) go 38%. Fuair na hAontachtaithe(DUP agus OUP) 46% den vóta. Fágann sin líon suntasach, 16%, idir an dá champa. Fuair páirtí an Alliance 8.6% den vóta – b’shin ardú 2.2%. Fuair na Tories 1.3%, na Greens 1% agus Eile c.4.5%. De réir dealraimh luíonn an chuid is mó den vóta 16% seo leis an gclann Aontachtach, agus tacaíonn sé leis an anailís go raibh ardú suntasach sa vóta Aontachtach agus/nó laghdú suntasach sa vóta náisiúnach sa toghchán seo.
Is é is dóichí de gur fhan chuid den vóta náisiúnach ag baile agus go raibh cúpla cúis leis seo. Rinne tráchtaire eile tagairt do na Caitlicigh choimeádacha a bhfuil tuairimí acu ar ceisteanna áirithe moráltachta nach dtugann aon cheann de na páirtithe náisiúnacha tacaíocht dóibh a thuilleadh. Agus is dócha go bhfuil céadtadán beag eile den phobal náisiúnach a bhfuil bá acu leis na heasaontóirí (dissidents) agus nach gcreideann a thuilleadh, má chreid siad riamh, i gcur chuige nua, bealach na síochána, de chuid Shinn Féin.