Ceist a chuirtear go minic faoin stair – cén chaoi a mbeadh an saol dá mbeadh seo nó siúd tarlaithe? Nó mura mbeadh seo agus siúd tarlaithe? Ceisteanna iad a d’fhéadfaí a chur faoi shaol Joan Kennedy, an chéad bhean chéile a bhí ag an Seanadóir Ted Kennedy. Shéalaigh sí i mBoston inné in aois naoi mbliana agus ceithre scór. Bhí sí ar dhuine den teaghlach iomráiteach a bhain le tréimhse ‘Camelot’ i stair Mheiriceá – tráth a raibh John F Kennedy, deartháir a céile, ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Théis bhás Joan Kennedy – Joan Bennett sular phós sí i 1958 – agus bás Ethel Kennedy (aois 96), bean chéile Bobby Kennedy, anuraidh, is beag ceangal daonna atá fanta anois le ré órga na gCinnéideach.
Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé – go réadúil- a bheith tarlaithe sa stair, go mbeadh Joan Kennedy ina máistreás ar an Teach Bán – an First Lady – ach is iomaí sin cor agus casadh a bhí ina cosán. Thug Ted Kennedy iarraidh faoin Uachtaránacht i 1980 ach bhí an iomarca smionagar pearsanta le láimhsiú aige.
Ní taobh le hainm na gCinnéideach a bhí cáil agus cumas Joan Kennedy. Mainicín a bhí intí nuair a thug Ted Kennedy suntas di ar thuras go Nua-Eabhrac i 1957. Ach chomh maith leis an dathúlacht, ba cheoltóir cumasach clasaiceach a bhí inti ar an bpianó. Scríobh sí leabhar faoin gceol clasaiceach.
Ach ní ceol a bhí ina saol go minic sna blianta a chaith sí le Ted Kennedy. Chuaigh sí ar an ól go trom agus bhí sí tamall ina sraoill ar an tsráid. Fuarthas ag tráth amháin í agus í sínte ar chosán i mBoston, a gualainn briste agus fuil lena héadan de bharr titim agus í óltach. Fiú agus go raibh sí feiceálach agus cumasach, ba go drogallach a thug sí faoin saol poiblí, rud nach raibh ag teacht léi go nádúrtha.
Buaileadh go leor den mhilleán faoi chás Joan Kennedy ar a fear céile.
Toghadh Ted Kennedy ina Sheanadóir do Massachusetts i 1962 ach ní raibh mórán barúil ag daoine dó i dtosach. Shíl go leor gurbh é a shloinne, agus cáil na gCinnéideach, a chinntigh bua dó sa bhfothoghchán i Massachusetts le suíochán a dhearthár – John F Kennedy – a líonadh. B’éigean, ar ndóigh, don Uachtarán nua éirí as an suíochán Seanaid sin nuair a toghadh é mar an 35ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Idir an dá linn, bhí Ted Kennedy ag cruthú go raibh mianach cumasach ann agus creideann go leor go raibh sé ar dhuine de na Seanadóirí ab ábalta ariamh sna Státaí.
San am céanna, bhain bealaí eile lena shaol. Bhí cáil na fánaíochta air scaití agus cáil na dráibhéireachta, cáil an óil agus cáil na bradaíola ó thaobh na mban de. Tháinig an crú ar tairne uilig i 1969 nuair a chuaigh an carr a bhí sé a thiomáint sa bhfarraige i Chappaquiddick, oileán amach ó chósta Mhassachusetts. Bádh an paisinéara ban a bhí ina chuideachta – dúirt sé go raibh sé ag tabhairt síob abhaile di – agus shnámh sé féin as contúirt. D’fhág sé lathair na timpiste agus d’fhan sé roinnt uaireanta an chloig sular thug sé tuairisc do na póilíní go raibh a chompánach, Mary Jo Kopechne, báite.
Sheas a bhean chéile, Joan, leis agus mhair an dílseacht sin go dtí deireadh na 1960idí nuair a chuaigh Ted Kennedy ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán 1980. Chasadh Joan an pianó ag tús na n-ócáidí stocaireachta. ‘This Land Is Your Land’, amhrán Woodie Guthrie, an fonn a chastaí.
Ach scar Ted agus Joan Kennedy óna chéile uilig i 1982.
Moladh Joan Kennedy as an gcaoi ar labhair sí amach go poiblí faoina deacrachtaí leis an ól agus an ísle brí agus tá a cuid misnigh agus a cuid dea-thréithe molta ag a beirt mhac. Bhí duine acu, Patrick Kennedy, ina Fheisire go dtí Teach na nIonadaithe i Washington thar cheann Stát Rhode Island.
Phós Ted Kennedy aríst i 1992. Ba í Victoria Reggie an dara bean chéile, duine saibhir cumasach a bhí ar a compord ag meascadh le polaiteoirí, agus leis an bpobal, mar a chonaic mé féin ag ócáidí sna Státaí.
Bhásaigh Ted Kennedy in 2009.
Anois, tá lúb eile briste sa slabhra a bhain le teaghlach na gCinnéideach,‘teaghlach ríoga Mheiriceá’ tráth den saol. Ar nós scéal na gCinnéideach uilig, bhí laethanta glórmhara agus laethanta gruama ag baint le saol Joan Kennedy.
Fág freagra ar 'Bás Joan Kennedy – duine eile as teaghlach ‘Camelot’ imithe'