Bás de bharr míthapa a fuair ceathrar ógánach a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair

Tugadh sonraí ag ionchoisne i nDún na nGall inniu faoin dtimpiste bhóthair thragóideach inar maraíodh ceathrar fear óg Gaeltachta anuraidh

Bás de bharr míthapa a fuair ceathrar ógánach a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair

Míthapa ba chionsiocair le bás an cheathrar ógánach a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall mí Eanáir 2019.

Ba iad an ceathrar a maraíodh go tragóideach John Harley, 24, agus Shaun Harkin, 22, as an bhFál Carrach, Micheál  Ó Rabhartaigh, 22, as Gaoth Dobhair agus Daniel Scott, 23, as Gort an Choirce.

Tugadh an méid sin le fios ag ionchoisne i gCúirt Leitir Ceanainn inniu, mar ar chualathas gur bhain gortuithe go leor don cheathrar sa timpiste a tharla ag an droichead i nGleann hUallach i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort a’ Choirce agus Gaoth Dobhair.

Dúirt an paiteolaí comhairleach an Dr Katrina Dillon gur léirigh na scrúduithe iarbháis go raibh an ceathrar fear óg ólta nuair a tharla an timpiste. Bhí an té a bhí ag tiomáint, Daniel Scott, sé huaire thar an teorainn agus fuarthas go raibh cócaon tógtha freisin aige.

Dúirt an cróinéir an Dr Denis McCauley nach raibh crios sábhála ar Mhicheál Ó Rabhartaigh ná ar John Harley, ach ba chosúil gur fhág na gortuithe a bhain dá gcloigne gur bhásaigh an ceathrar láithreach.

De réir na nGardaí, shleamhnaigh an carr ar imeall an bhóthair agus iad ag dul le fána faoi luas thart ar 120 ciliméadar san uair, áit a raibh luasteorainn 80 ciliméadar ann.

Cuireadh an carr san aer ar feadh 23 méadar sular tháinig sé go talamh bunoscionn i ngort. Bhí na fir óga ag ól i dteach tábhairne Dixon’s i Machaire Rabhartaigh roimh an eachtra.

“Ní raibh anseo ach timpiste ach mar gheall ar eachtraí an tráthnóna déarfá gur míthapa a bhí i gceist. Níl ansin ach téarma le cur síos ar ar tharla agus ní chiallaíonn sé go bhfuil locht ar bith á fháil ar dhuine ar bith,” a dúirt an cróinéir.

Dúirt an Dr Denis McCauley go raibh ceathrar cairde amuigh ag ól agus gurb amhlaidh go ndearnadar “cúpla cinneadh” a raibh toradh uafásach orthu.

“Bhí pleananna déanta ag na buachaillí don saol amach rompu agus deimhníonn seo [an t-ionchoisne] nach raibh anseo ach timpiste uafásach a raibh toradh uafásach air,” a dúirt an cróinéir.

Bhí muintir na bhfear óg i láthair sa chúirt inniu agus dúirt an Dr Denis McCauley gur léir arís a bhfulaingt agus fulaingt an phobail.

“Ba mhaith liom go bhfoghlaimeofaí ceacht as seo mar nílimid ag iarraidh go dtarlódh seo arís agus iarraimid ar dhaoine a bheith cúramach agus an toradh a bhíonn ar a leithéid a thuiscint,” a dúirt sé.

Bhí pobal trí pharóiste i nGaeltacht Dhún na nGall faoi aon bhrat amháin bróin nuair a cuireadh i gcré na cille an ceathrar ógánach mí Eanáir na bliana seo caite.

Dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir ag an am go raibh pobal Chloch Cheann Fhaola, Ghaoth Dobhair agus na Rosann faoi “scamall agus faoi smúid nach cuimhin leo a leithéid riamh” agus “bóthar fada bán an dóchais” a bhí ag luí amach roimh an gceathrar fear óg “scriosta”.

Fág freagra ar 'Bás de bharr míthapa a fuair ceathrar ógánach a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair'